Táillí a éileamh mar Abhcóide as físchomhdháil ón bpríosún
- Foilsithe: 1 Feabhra 2018
- An t-eolas is déanaí: 16 Márta 2026
Cé a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh
Abhcóidí a d’úsáid físchomhdháil mar chuid riachtanach d’ullmhú agus seoladh a dhéanamh ar chosaint, achomharc nó cás sonraithe a gcliant.
Faisnéis riachtanach
Ní mór don Abhcóide agus don Aturnae atá ag déileáil leis an gcás an fhoirm seo a shíniú.
Caithfidh an Rialtóir ag an áit choinneála ina bhfuil an cosantóir á choinneáil an doiciméad a shíniú agus a stampáil freisin agus an uimhir phríosúnaigh a sholáthar.
Conas iarratas a dhéanamh
Íoslódáil agus comhlánaigh Foirm C.L.A. 11(B) ag an áit choinneála. Agus na mionsonraí thíos á n-úsáid agat, is féidir leat an fhoirm a sheoladh le ríomhphost nó leis an bpost chuig:
An Cuntasóir – An Rannóg um Íocaíochtaí Cúnaimh Dhlíthiúil Choiriúil
- Seoladh:
- An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, Bóthar Pháirc na bhFianna, Cill Airne, Co. Chiarraí