Éileamh ar Tháillí (ag Aturnaetha amháin, an Chúirt Dúiche nó Achomharc chuig an gCúirt Chuarda), agus Caiteachais Taistil agus Chothaithe Aturnaetha

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Éileamh ar Tháillí (ag Aturnaetha amháin, an Chúirt Dúiche nó Achomharc chuig an gCúirt Chuarda), agus Caiteachais Taistil agus Chothaithe Aturnaetha


Cé a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh

Níl an t-éileamh seo ar oscailt ach amháin d’aturnaetha. Ní mór don aturnae a bheith tar éis ionadaíocht a dhéanamh do dhuine, ar deonaíodh cúnamh dlíthiúil dó nó di, sa Chúirt Dúiche nó le linn Achomharc chuig an gCúirt Chuarda le bheith incháilithe.

Tabhair faoi deara gur cheart foirm éilimh a chomhlánú i leith gach deimhnithe um chúnamh dlíthiúil in aisce a deonaíodh. I gcás eisceachtaí ón riail sin, léigh an fhoirm iarratais ina hiomláine.

Cé na nithe a bhféadfaidh tú éileamh a dhéanamh ina leith

Féadfaidh aturnaetha éileamh a dhéanamh ina leith seo a leanas:

  • táillí dlí a tabhaíodh
  • caiteachais taistil
  • caiteachais chothaithe

Conas iarratas a dhéanamh

Íoslódáil agus comhlánaigh Foirm L.A. 1. Agus na mionsonraí thíos á n-úsáid agat, is féidir leat an fhoirm a sheoladh le ríomhphost nó leis an bpost chuig:

An Cuntasóir – An Rannóg um Íocaíochtaí Cúnaimh Dhlíthiúil Choiriúil

Seoladh:
An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, Bóthar Pháirc na bhFianna, Cill Airne, Co. Chiarraí
L.A. 1: Éileamh ar tháillí ag Aturnaetha amháin, agus Caiteachais Taistil agus Chothaithe Aturnaetha
Éileamh ar tháillí (ag aturnaetha amháin, an Chúirt Dúiche nó Achomharc chuig an gCúirt Chuarda), agus Caiteachais Taistil agus Chothaithe Aturnaetha – Foirm L.A. 1
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat