Airm Thine a Onnmhairiú
- Foilsithe: 30 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 5 Márta 2026
- Airm thine a onnmhairiú chuig ballstát eile den Aontas Eorpach mar dhéileálaí cláraithe arm tine
- Airm thine a onnmhairiú chuig ballstát eile den Aontas Eorpach mar dhuine aonair
- Onnmhairí lasmuigh den Aontas Eorpach
Airm thine a onnmhairiú chuig ballstát eile den Aontas Eorpach mar dhéileálaí cláraithe arm tine
Más mian leat airm thine a onnmhairiú chuig ballstát eile den Aontas Eorpach mar dhéileálaí cláraithe arm tine, ní foláir duit na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- An fhoirm thíos a chomhlánú ina hiomláine, lena n-áirítear déanamh beacht agus samhail bheacht na n-arm tine agus an chatagóir cheart idir Catagóir A-C
- Ordú Aistrithe a fháil ó Cheannfort an Gharda Síochána sa cheantar ina bhfuil na hAirm Thine suite faoi láthair. Beidh sé riachtanach cóip den ordú sin a sheoladh chuig an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce in éineacht leis an iarratas.
Más rud é go mbeidh tú ag onnmhairiú airm thine shrianta nó armlón srianta, beidh údarú ón Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce chun trádáil in airm thine shrianta ag teastáil uait ar dtús.
An tAonad um Airm Thine agus Pléascáin a Cheadúnú, Beartas agus Cigireacht
- Seoladh:
- An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, 51 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2, D02 HK52
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353 1 859 2288
Airm thine a onnmhairiú chuig ballstát eile den Aontas Eorpach mar dhuine aonair
Más mian leat airm thine a onnmhairiú chuig ballstát den Aontas Eorpach mar dhuine aonair, ní foláir duit na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- an fhoirm thíos a chomhlánú ina hiomláine, lena n-áirítear déanamh beacht agus samhail bheacht na n-arm tine agus an chatagóir cheart idir Catagóir A-C
- cóip den deimhniú bailí arm tine don arm tine atá le honnmhairiú a chur ar áireamh
Mura bhfuil deimhniú bailí arm tine agat, ní foláir duit iarratas a dhéanamh chuig ceannfort den Gharda Síochána ar dhoiciméad dar teideal Údarú chun Onnmhairiú nó Aistriú agus cóip den doiciméad sin a chur isteach in éineacht leis an iarratas.
Seol an doiciméadacht ar aghaidh chuig an Aonad um Airm Thine agus Pléascáin a Cheadúnú sa Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce.
An tAonad um Airm Thine agus Pléascáin a Cheadúnú, Beartas agus Cigireacht
- Seoladh:
- An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, 51 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2, D02 HK52
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353 1 859 2288
Onnmhairí lasmuigh den Aontas Eorpach
Is é an tAonad um Cheadúnú Onnmhairiúcháin sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta a phléann le honnmhairí chuig tíortha nach ballstáit den Aontas Eorpach.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Aonad sin mar a leanas:
- fón: +353 1 631 2121
- ríomhphost: exportcontrol@enterprise.gov.ie