Scéim Cúitimh an Gharda Síochána
- Foilsithe: 27 Lúnasa 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Márta 2026
Réamhrá
Aisghairtear le hAcht an Gharda Síochána (Cúiteamh), 2022, Achtanna an Gharda Síochána (Cúiteamh), 1941-1945, agus cuirtear é in ionad na nAchtanna sin. Soláthraítear leis an Acht nua cur chuige níos nua-aimseartha i leith éilimh chúitimh a phróiseáil, agus tá sé mar aidhm leis laghdú a dhéanamh ar na hagaí feithimh agus na costais a bhaineann leis an bpróiseas.
Scéim Cúitimh an Gharda Síochána 2022
Tosaíodh Acht an Gharda Síochána (Cúiteamh), 2022, an 10 Aibreán 2023 (I.R. Uimh. 163 de 2023). Is í Rannóg Cúitimh an Gharda Síochána, atá faoi stiúir ag an gCoimisinéir Cúnta um Rialachas agus Cuntasacht, a riarfaidh Scéim Cúitimh nua an Gharda Síochána. Féachfaidh Rannóg Cúitimh an Gharda Síochána leis an bhfaisnéis is gá agus na tacaí riaracháin is gá a sholáthar do chomhaltaí den Gharda Síochána agus iad ag déanamh éileamh ar chúiteamh faoi Acht 2022. Ba cheart d’iarratasóirí ionchasacha breathnú ar bheartas agus nósanna imeachta an Gharda Síochána don scéim nua, toisc go dtugtar iontu faisnéis úsáideach faoin bpróiseas.
Incháilitheacht faoin scéim
Gach duine a measadh a bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh faoi Achtanna 1941-1945, beidh siad incháilithe freisin chun iarratas a dhéanamh faoin Acht nua. Tá feidhm ag an Acht maidir le comhaltaí den Gharda Síochána a ndearnadh díobháil dóibh mar thoradh ar theagmhas mailíseach a bhain dóibh i gcomhlíonadh a ndualgas mar chomhalta, is cuma cé acu a bhí nó nach raibh siad ar dualgas ag an am. Soláthraítear leis an Acht freisin sásra do chleithiúnaithe le comhaltaí éagtha, a ndearnadh díobháil mharfach dóibh i gcúrsa a ndualgas, chun cúiteamh a éileamh. Ina theannta sin, tugadh an míniú ar chomhalta cothrom le dáta chun Gardaí faoi oiliúint a áireamh.
Creat dlíthiúil
Bunaítear le hAcht an Gharda Síochána (Cúiteamh), 2022, an creat dlíthiúil do Scéim Cúitimh an Gharda Síochána. Leis an Acht, leagtar ceanglais áirithe ar an nGarda Síochána, lena n-áirítear an cinneadh tosaigh a dhéanamh maidir le hiarratasóirí a ligean isteach sa Scéim agus caidreamh a dhéanamh le gníomhaireachtaí seachtracha amhail an Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta agus an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát.
Na díobhálacha atá cumhdaithe faoin scéim
Foráiltear leis an Scéim do chúiteamh a íoc i leith díobhálacha pearsanta (lena n-áirítear díobhálacha is cúis le bás) a rinneadh do chomhaltaí reatha nó iarchomhaltaí den Gharda Síochána mar thoradh ar theagmhas mailíseach. Féadfar teagmhas mailíseach a mhíniú mar a leanas:
“teagmhas ar dá dheasca a rinneadh díobhálacha pearsanta (a bhféadfaidh díobhálacha is cúis le bás a bheith ar áireamh orthu) go mailíseach do chomhalta nó iarchomhalta agus ar ina leith a rinneadh na díobhálacha sin i gcomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas, nó mar thoradh ar dhualgais a comhlíonadh roimhe sin, nó mar gheall ar é nó í a bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Gharda Síochána tráth an teagmhais agus mar gheall air sin amháin.”
Iarratas a chur isteach
Féadfaidh an comhalta den Gharda Síochána nó a chleithiúnaithe nó a cleithiúnaithe iarratas a chur isteach laistigh de thréimhse sé mhí ón dáta a rinneadh an díobháil nó ón dáta a fuarthas eolas réasúnach ar an díobháil. I gcásanna ina ndéantar iarratais faoin Scéim lasmuigh den tréimhse sé mhí, foráiltear leis an Acht go bhféadfar an tréimhse a fhadú in imthosca áirithe.
Is é an seoladh ríomhphoist le haghaidh fiosruithe/foirmeacha ná Rannóg Cúitimh an Gharda Síochána, atá lonnaithe i gCeanncheathrú an Gharda Síochána - CompensationSection@garda.ie.
Is féidir na nithe seo a leanas a fháil ar shuíomh Gréasáin poiblí an Gharda Síochána trí chliceáil ar na naisc.
Tá na foirmeacha iarratais nua suite leath bealaigh síos an leathanach. Féadfaidh tú iad a chomhlánú ar líne toisc nach gceanglaítear ort doiciméid shínithe bhunaidh a chur ar áireamh. Cliceáil ar an gcnaipe ríomhphoist sa chúinne ag an mbarr ar dheis nuair a bheidh na réimsí riachtanacha uile comhlánaithe agat. Cliceáil ar Fhoirm 2A.
Athruithe ar an scéim
Amhail i gcás na scéime roimhe, is ann go fóill don cheanglas á rá nach mór an díobháil a bheith mar thoradh ar theagmhas mailíseach. Baineadh den scéim ó shin i leith, áfach, an tsaincheist maidir le cé acu a fhéadfar nó nach bhféadfar díobháil a mheas a bheith ina miondíobháil de réir a cineáil.
Rinneadh roinnt athruithe suntasacha mar a leanas don scéim nua:
- Méadaíodh go sé mhí an teorainn ama le haghaidh iarratas a dhéanamh chuig an Scéim.
- Leathnaíodh an míniú ar dhíobháil.
- Cuirtear foirmeacha iarratais go díreach faoi bhráid Rannóg Cúitimh an Gharda Síochána, Ceanncheathrú an Gharda Síochána.
- Tá san Acht tréimhsí ama socraithe le haghaidh cinneadh a dhéanamh ar an iarratas.
- Tá próiseas athbhreithnithe sheachtraigh ar fáil do gach iarratasóir.
- Cuirfidh Rannóg Cúitimh an Gharda Síochána iarratais cheadaithe faoi bhráid an Bhoird Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta thar ceann an éilitheora.
- Soláthróidh an Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta cóip don éilitheoir de na doiciméid uile a cuireadh faoina bhráid, agus déanfaidh sé caidreamh díreach leis an éilitheoir le linn measúnú a dhéanamh ar a dhíobhálacha nó a díobhálacha agus ar a dhámhachtain nó a dámhachtain ina dhiaidh sin.
Diúltú don mheasúnú ón mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta
Más rud é go ndiúltóidh an t-éilitheoir nó an freagróir don mheasúnú ón mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, eiseofar Údarú agus féadfaidh an t-éilitheoir dul tríd an gcóras Cúirteanna. Déanfaidh an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát ionadaíocht don Gharda Síochána, arb é an freagróir é i gcás gach éilimh. Is í an chúirt a chinnfidh an costas dlí agus aon dámhachtainí.
An Nós Imeachta Éilimh
- Iarratas a dhéanamh
Ní foláir duit iarratas a dhéanamh go díreach chuig Rannóg Cúitimh an Gharda Síochána, Ceanncheathrú an Gharda Síochána. Is é atá i gceist leis sin a chinntiú go bhfaighfear d’iarratas agus go sannfar d’Oifigeach Tuairiscithe é. Ar mhaithe le tapúlacht agus chun cumarsáid a éascú, moltar d’iarratas a chur isteach le ríomhphost chuig compensationsection@garda.ie.
- Cinntí maidir lena oiriúnaí atá iarratas
A luaithe a shannfar Oifigeach Tuairiscithe, tosóidh na tréimhsí ama faoin Acht ar laistigh díobh nach mór don Oifigeach Tuairiscithe teacht ar chinneadh ar a oiriúnaí atá an t-iarratas.
- Ceanglas maidir le tuairisc liachta
Chun tacú le hiarratas, ní mór tuairisc liachta iomlán ó dhochtúir cóireála nó ó dhochtúirí cóireála a bheith ar áireamh ann.
- Teagmhálacha
Rannóg Cúitimh an Gharda Síochána - (Acht an Gharda Síochána (Cúiteamh), 2022) Compensationsection@garda.ie