Conas Cead Cónaithe Éireannach a fháil
- Foilsithe: 8 Nollaig 2017
- An t-eolas is déanaí: 16 Márta 2026
- Cad is Cead Cónaithe Éireannach ann
- Cé a dteastaíonn Cead Cónaithe Éireannach uaidh
- Conas a eisítear Ceadanna Cónaithe Éireannacha
- Tuilleadh Faisnéise
- Aiseolas
Cad is Cead Cónaithe Éireannach ann
Is é is Cead Cónaithe Éireannach ann ná do dheimhniú clárúcháin. Tabharfar Cead Cónaithe Éireannach duit nuair a chláraíonn tú le Seachadadh Seirbhíse Inimirce (ISD).
Cuirtear in iúl ar Chead Cónaithe Éireannach:
- gur cláraíodh do chead inimirce chun fanacht in Éirinn
- an cineál ceada inimirce atá agat, mar shampla uimhir stampa
Ní cárta aitheantais é an Cead Cónaithe Éireannach – is deimhniú clárúcháin é. Níl sé bailí ar aon chúis seachas chun a dheimhniú go bhfuil tú cláraithe le hinimirce in Éirinn.
Ní mór duit do Chead Cónaithe Éireannach a iompar leat i gcónaí agus é a thabhairt ar aird d’oifigeach inimirce nó do chomhalta den Gharda Síochána (na póilíní) má iarrtar amhlaidh. Áirítear leis sin aon uair a fhágann tú an tír nó a thagann tú ar ais chuici.
Cé a dteastaíonn Cead Cónaithe Éireannach uaidh
Más saoránach nach saoránach den Aontas Eorpach/den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó den Eilvéis thú agus más mian leat fanacht in Éirinn ar chúis ar bith ar feadh níos mó ná 90 lá, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar chead inimirce agus, má éiríonn leat, ní mór duit clárú ansin.
Má éiríonn le do chlárúchán, eiseofar Cead Cónaithe Éireannach chugat.
Chun clárú, ní mór duit:
- a bheith i do náisiúnach nach náisiúnach den Aontas Eorpach/den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó den Eilvéis
- a bheith 16 bliana d’aois nó níos sine
- coinne a chur in áirithe chun clárú go pearsanta
Más mian leat fanacht in Éirinn tar éis an dáta éaga atá ar do Chead Cónaithe Éireannach, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar do chead inimirce a fhadú agus do chlárúchán a athnuachan. Má éiríonn leat, tabharfar Cead Cónaithe Éireannach nua duit.
Cosnaíonn Cead Cónaithe Éireannach €300 in aghaidh an duine gach uair a chláraíonn tú agus a athnuann tú.
Is féidir freisin go mbeidh ort íoc as Cead Cónaithe Éireannach nua má tá do chárta reatha caillte nó goidte.
Conas a eisítear Ceadanna Cónaithe Éireannacha
Gheobhaidh tú do chárta Ceada Cónaithe Éireannaigh leis an bpost laistigh de thréimhse idir 10 lá oibre agus 15 lá oibre, a bheag nó a mhór, ó d’iarratas a phróiseáil.
Tuilleadh Faisnéise
Tá liosta de cheisteanna coitianta faoin bpróiseas Ceadanna Cónaithe Éireannacha ar fáil anseo: Ceisteanna Coitianta