Airm thine a allmhairiú
- Foilsithe: 30 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 6 Márta 2026
Allmhairiú mar dhéileálaí cláraithe arm tine
Más mian leat airm thine a allmhairiú mar dhéileálaí, comhlánaigh ceachtar de na foirmeacha agus seol an fhoirm chuig an seoladh thíos:
An tAonad um Airm Thine agus Pléascáin a Cheadúnú, Beartas agus Cigireacht
- Seoladh:
- An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, 51 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2, D02 HK52
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353 1 859 2288
Agus foirm iarratais allmhairiúcháin á comhlánú agat:
- cinntigh go gcomhlánóidh tú an tIarratas ar Airm Thine agus/nó Armlón a Allmhairiú ina iomláine
- déan cinnte de go gcomhlánóidh tú déanamh beacht agus samhail bheacht na n-arm tine agus an chatagóir cheart arm tine
- is féidir leat an fhoirm a chomhlánú trí chlóscríobh nó de láimh. Más rud é go mbeidh tú ag comhlánú na foirme de láimh, bain úsáid as dúch dubh agus bloclitreacha. Seol an doiciméadacht ar aghaidh chuig an Aonad um Airm Thine agus Pléascáin a Cheadúnú sa Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce
- más rud é go mbeidh tú ag allmhairiú airm thine shrianta nó armlón srianta, beidh údarú ón Roinn seo chun trádáil in airm thine shrianta ag teastáil uait ar dtús. I gcás go mbeidh tú ag déanamh iarratas ar arm tine Chatagóir B a allmhairiú, beidh deimhniú ag teastáil maidir le cé acu a eisíodh nó nár eisíodh deimhniú arm tine nó údarú ón nGarda Síochána don arm tine. Ba cheart cóip d’aon deimhniú nó údarú den sórt sin a sheoladh ar aghaidh in éineacht leis an iarratas
- más rud é go mbeidh tú ag allmhairiú ó stát nach stát den Aontas Eorpach, ní foláir airm thine agus a gcomhpháirteanna bunriachtanacha na ceanglais mharcála nua atá leagtha amach in Ionstraim Reachtúil Uimh. 420 de 2019 a chomhlíonadh
Allmhairiú mar dhuine aonair
Más mian leat airm thine a allmhairiú mar dhuine aonair, comhlánaigh ceachtar de na foirmeacha thíos:
Seol an fhoirm ar ais chuig:
An tAonad um Airm Thine agus Pléascáin a Cheadúnú, Beartas agus Cigireacht
- Seoladh:
- An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, 51 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2, D02 HK52
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353 1 859 2288
Agus foirm iarratais allmhairiúcháin á comhlánú agat:
- cinntigh go léifidh tú na treoracha seo go cúramach sula gcuirfidh tú d’iarratas isteach. Comhlánaigh an fhoirm iarratais
- déan cinnte de go gcomhlánóidh tú déanamh beacht agus samhail bheacht an airm tine agus an chatagóir cheart arm tine
- ceangail leis an iarratas cóip den deimhniú bailí arm tine don arm tine nó armlón atá le hallmhairiú
- i gcás airm thine atá liostaithe mar airm thine Chatagóir B, beidh ort doiciméad dar teideal Airteagal 7 a fháil le haghaidh allmhairí ón Aontas Eorpach. Eisíonn ceannfort den Gharda Síochána an doiciméad sin. Beidh sé riachtanach cóip den doiciméad sin a sheoladh chugainn in éineacht le d’iarratas ar na hairm thine a allmhairiú