Tinte ealaíne a allmhairiú

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Tinte ealaíne a allmhairiú

Cad is ceadúnas chun tinte ealaíne a allmhairiú ann

Ní féidir tinte ealaíne a allmhairiú isteach sa tír ach amháin faoi cheadúnas agus ní féidir iad a stóráil ná a dhíol ach amháin de réir an dlí maidir le pléascáin.

Tabhair faoi deara nach gceanglaítear ceadúnas allmhairiúcháin chun pléascóga Nollag a allmhairiú.

Conas iarratas a dhéanamh ar cheadúnas allmhairiúcháin

Ní fhéadfar ach tinte ealaíne F1 a allmhairiú. Beidh sé sin clóite ar an bpacáiste. Áirítear iad seo a leanas le tinte ealaíne a bhfuil aicmiú F1 acu:

  • bladhmanna Bengal
  • cipíní Bengal
  • maidí Bengal
  • gráinníní cnagarnaí
  • millíní splancacha
  • tinte ealaíne scairdeáin
  • rothlóirí talún
  • spréachairí láimhe
  • spréachairí nach spréachairí láimhe iad
  • cipíní nuaga
  • pléiscíní cóisire
  • tinte ealaíne péiste
  • tinte ealaíne snaptha
  • buamaí tábla
  • pléascóga caithimh

Líon isteach an fhoirm atá i gceangal agus seol ar ais í chuig Aonad Arm Tine agus Pléascán na roinne trí seachtaine ar a laghad roimh dháta measta an chéad seachadta.

Foirm Iarratais Miondíola ar Thinte Ealaíne d’Earnáil 1 a Allmhairiú – Arna hAthbhreithniú an 19 Lúnasa 2021
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil
Foirm Iarratais ar Cheadúnas chun Ábhair Phiriteicniúla Taispeána a Allmhairiú - Arna hAthbhreithniú an 10 Meitheamh 2024
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Ceadúnú agus Cigireachtaí Arm Tine agus Pléascán

Seoladh:
An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, 51 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2, D02 HK52, D02 HK52
Ríomhphost:

explosives@justice.ie

Teileafón:
01 8592279

Níl aon cheadúnas allmhairiúcháin bailí ach amháin le haghaidh allmhairiú amháin. Chun an lóistíocht riachtanach lena mbaineann a éascú, féadfaidh níos mó ná seachadadh amháin a bheith i gceist le hallmhairiú aonair, chomh fada agus a dhéantar é laistigh de dhá mhí ó dháta measta an chéad seachadta, suas go dtí an meáchan comhlán atá sonraithe ar an gceadúnas.

Ní mór tinte ealaíne atá ar díol a stóráil in ‘Áitreabh Cláraithe’. I gcás allmhairiú lena dháileadh, ní gá faisnéis stórála a sholáthar ach amháin maidir leis an trádstóras dáileacháin ina stórálfar na tinte ealaíne ar dtús.

Faigh tuilleadh faisnéise faoi phléascáin a stóráil.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat