Cónaí mar lánúin ag a bhfuil náisiúntachtaí difriúla, lena n-áirítear lánúineacha den ghnéas céanna

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Cónaí mar lánúin ag a bhfuil náisiúntachtaí difriúla, lena n-áirítear lánúineacha den ghnéas céanna


Lánúineacha den ghnéas céanna

Tá comhchónaitheoirí den ghnéas céanna mínithe san Acht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí 2010 mar dhaoine a chónaíonn le chéile i ndlúthchaidreamh tiomanta ach nach bhfuil pósta le chéile ná nach bhfuil i bpáirtnéireacht shibhialta chláraithe.

Pósadh

Beidh ort freastal ar agallamh leis an gcláraitheoir más rud é gur náisiúnach den Aontas Eorpach thú a bheidh ag pósadh duine nach náisiúnach den Aontas nó más rud é gur náisiúnach eachtrach thú nó do chéile.

Foghlaim tuilleadh faoi na cearta atá ag lánúineacha pósta.

Páirtnéireacht shibhialta nó chláraithe

Tríd is tríd, tugtar do lánúineacha a chónaíonn i bpáirtnéireacht shibhialta nó chláraithe na cearta céanna a thugtar do lánúineacha pósta in Éirinn, de réir an Achta um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí 2010.

Faigh tuilleadh faisnéise faoi chónaí i bpáirtnéireacht shibhialta nó chláraithe:

Colscaradh

Má tá colscaradh ó do chéile á lorg agat, féadfaidh tú comhaontú idirscartha a dhéanamh nó iarratas a dhéanamh ar idirscaradh breithiúnach. Mura bhfuil d’áras teaghlaigh cláraithe ach in ainm céile amháin, féadfaidh go mbeidh an duine sin i dteideal úinéireacht iomlán ar an maoin.

Faigh tuilleadh faisnéise faoi cholscaradh a fháil in Éirinn.

Cearta maoine pósta

Má rinneadh d’áras a cheannach agus a chlárú i d’ainm féin agus in ainm do chéile araon, meastar faoi dhlí na hÉireann gur comhúinéirí na maoine sibh.

Foghlaim tuilleadh faoi chearta maoine pósta.

Cearta comhchónaitheoirí

Faoi dhlí na hÉireann, ní ag lánúineacha comhchónaitheacha atá na cearta dlíthiúla céanna atá ag daoine a chónaíonn i bpáirtnéireachtaí sibhialta ná atá ag lánúineacha pósta. Má scarann lánúin chomhchónaitheach le chéile, measfar go bhfuil an t-áras teaghlaigh ar úinéireacht ag an duine a bhfuil a ainm nó a hainm ar na gníomhais teidil agus a cheannaigh an t-áras ar dtús.

Foghlaim tuilleadh faoi na cearta atá ag lánúineacha comhchónaitheacha.

Aiseolas

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat