Iarraidh ar Rochtain d’Ábhar Sonraí a dhéanamh chuig an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Iarraidh ar Rochtain d’Ábhar Sonraí a dhéanamh chuig an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce


Fógra tábhachtach

Tá dúshlán gan fasach le sárú ag an Roinn faoi láthair i bhfianaise na héigeandála sláinte poiblí a d’eascair as paindéim COVID-19. Mar gheall air sin, tá seans ann nach mbeidh an roinn in ann freagairt do roinnt Iarrataí ar Rochtain d’Ábhar Sonraí laistigh de na spriocdhátaí reachtacha. Beidh an Roinn i dteagmháil leat i gcás go dtarlóidh sé sin i gcás d’iarrata féin.

Dá mba mhaith leat tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil leis an Roinn trí ríomhphost a sheoladh chuig subjectaccessrequests@justice.ie.

Iarraidh a dhéanamh

Chun Iarraidh ar Rochtain d’Ábhar Sonraí a dhéanamh, íoslódáil an Fhoirm Iarrata ar Rochtain d’Ábhar Sonraí agus seol an fhoirm chomhlánaithe leis an ríomhphost nó leis an bpost chuig:

An Oifig Tacaíochta agus Comhlíonta Cosanta Sonraí

Seoladh:
An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, 51 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2, D02 HK52, D02 HK52
Ríomhphost:

subjectaccessrequests@justice.ie

Foirm Iarrata ar Rochtain d’Ábhair Sonraí
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Doiciméid riachtanacha

Ní mór na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh in iarrataí ar shonraí pearsanta:

  • d’ainm agus do sheoladh poist
  • fótachóip de do phas nó de do cheadúnas tiomána nó de do Chárta Seirbhísí Poiblí chun d’aitheantas a fhíorú
  • cruthúnas ar sheoladh, amhail bille fóntais nó litir ón Rialtas
  • do shíniú agus dáta na hiarrata
  • más rud é go mbeidh iarraidh á déanamh agat thar ceann duine eile, beidh údarás sínithe ón duine aonair ag teastáil
  • aon mhionsonraí a d’fhéadfadh cabhrú leis an Roinn an fhaisnéis is ábhar do d’iarraidh a aimsiú, amhail uimhreacha tagartha nó an réimse den Roinn a raibh tú i dteagmháil leis

Léigh an Beartas um Chosaint Sonraí ón Roinn

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat