Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Iarraidh saorála faisnéise a dhéanamh chuig an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce


Faisnéis ar féidir leat rochtain a fháil uirthi

Is féidir leat na taifid seo a leanas atá ina seilbh ag roinn nó ag comhlachtaí áirithe a iarraidh:

1. Aon taifid a bhaineann leatsa go pearsanta, is cuma cén uair a cruthaíodh iad.

Tabhair do d’aire, le do thoil, nach foláir an méid seo a leanas a bheith ag gabháil le gach iarraidh ar fhaisnéis phearsanta, cibé acu a chuireann duine aonair an iarraidh isteach nó a chuireann aturnae an iarraidh isteach thar ceann duine aonair:

  • thar ceann duine aonair – toiliú ón duine aonair, maille le haitheantas fótagrafach agus é a bheith ar cheann díobh seo a leanas – pas reatha, ceadúnas tiomána reatha nó cárta seirbhísí poiblí reatha
  • duine aonair atá ag iarraidh a dtaifead pearsanta féin – pas reatha, ceadúnas tiomána reatha nó cárta seirbhísí poiblí reatha

2. Gach taifead eile a cruthaíodh tar éis an 21 Aibreán 1998.

Féadfaidh ‘taifead’ a bheith ina dhoiciméad páipéir, faisnéis a choimeádtar ar ríomhaire, asphriontaí, léarscáileanna, pleananna, micreascannán, micrifís, ábhar closamhairc, agus mar sin de.

Cad iad na comhlachtaí a chumhdaítear le saoráil faisnéise?

Is féidir liosta de na ranna rialtais agus na comhlachtaí poiblí a chumhdaítear leis an Acht um Shaoráil Faisnéise a aimsiú tríd an nasc seo.

Muirir i leith faisnéis a iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise

Ní ghearrtar aon mhuirear i leith iarrataí pearsanta nó neamhphearsanta.

Is féidir go ngearrfar muirir eile i leith an ama a caitheadh ar thaifid a aimsiú agus i leith aon chostas fótachóipeála a thabhaigh an roinn agus an t-ábhar a iarradh á sholáthar aici duit. Ní móide ar bith go ngearrfar aon táillí i leith taifead pearsanta, ach amháin i gcás ina mbeidh líon mór taifead i gceist. Déantar socrú le hAlt 27 den Acht um Shaoráil Faisnéise maidir le táillí.

Liosta táillí

  • Táille €30 as athbhreithniú inmheánach – iarrataí neamhphearsanta
  • Táille €10 as athbhreithniú inmheánach (sealbhóirí cárta liachta)
  • Táille €50 as achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise
  • Táille €15 as achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise (sealbhóirí cárta liachta)
  • Táille €20 in aghaidh na huaire as cuardach agus aisghabháil
  • Táille €0.04 an duilleog ar fhótachóip

Tá na hiarrataí nó na hiarratais seo a leanas díolmhaithe ó tháille:

  • iarraidh faoi Alt 12 ar thaifead nó ar thaifid nach bhfuil ann nó iontu ach faisnéis phearsanta a bhaineann leis an iarrthóir
  • iarratas faoi Alt 9 (ceart chun taifid a bhaineann le faisnéis phearsanta a leasú)
  • iarratas faoi Alt 10 (ceart duine chun faisnéise maidir le gníomhartha comhlachtaí poiblí a dhéanann difear don duine).

Cé chomh luath agus is féidir leat a bheith ag súil le freagra a fháil ar d’iarraidh

Faoin Acht, ní foláir iarraidh ar thaifid a admháil laistigh de dhá sheachtain agus, i bhformhór na gcásanna, ní foláir freagra a thabhairt uirthi laistigh de cheithre seachtaine. Is é an míniú a thugtar ar ‘seachtain’ san Acht ná cúig dhálach as a chéile, gan an Satharn, an Domhnach ná laethanta saoire poiblí a chur san áireamh. Má tá tríú páirtí i gceist, féadfaidh sé go mbeidh trí seachtaine eile ann sula n-eiseofar freagra.

Cad is féidir leat a dhéanamh má tá tú míshásta le breith ar d’iarraidh

Iarraidh ar Athbhreithniú Inmheánach

Má tá tú míshásta leis an bhfreagra ón roinn, féadfaidh tú a iarraidh go ndéanfadh ball foirne níos sinsearaí laistigh den roinn athscrúdú ar bhreith. Is ceart iarratais ar athbhreithniú ar bhreith, mar aon le táille chuí (féach thíos; tabhair do d’aire nach mbaineann na táillí seo ach le hiarrataí neamhphearsanta), a sheoladh chuig:

An tAonad Comhordaithe Saorála Faisnéise

Seoladh:
An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, 51 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

foi@justice.ie

Teileafón:
1800 221 227

Ní foláir don roinn an t-athbhreithniú a chur i gcrích laistigh de 15 lá oibre.

Ní foláir táille chaighdeánach €30 a bheith ag gabháil le hiarratas ar athbhreithniú inmheánach. Tá feidhm ag táille laghdaithe €10 más sealbhóir cárta liachta nó cleithiúnaí ar shealbhóir cárta liachta atá sa duine atá ag déanamh an iarratais.

Tá na hiarratais seo a leanas ar athbhreithniú inmheánach díolmhaithe ó tháillí:

  • iarratas ar athbhreithniú inmheánach a bhaineann le taifid nach bhfuil iontu ach faisnéis phearsanta a bhaineann leis an iarratasóir
  • iarratas ar athbhreithniú inmheánach i ndáil le hiarraidh faoi Alt 9 (ceart chun taifid a bhaineann le faisnéis phearsanta a leasú)
  • iarratas ar athbhreithniú inmheánach i ndáil le hiarraidh faoi Alt 10 (ceart duine chun faisnéise maidir le gníomhartha comhlachtaí poiblí a dhéanann difear don duine)
  • iarratas ar athbhreithniú inmheánach i ndáil le hiarraidh chun táille nó éarlais, nó táille nó éarlais de mhéid áirithe, a ghearradh

Iarraidh ar athbhreithniú ag Oifig an Choimisinéara Faisnéise

Má tá tú fós míshásta leis an mbreith, tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Faisnéise in aghaidh na breithe. Is ceart iarratais a bhfuil táillí cuí ag gabháil leo (féach thíos; tabhair do d’aire nach mbaineann na táillí seo ach le hiarrataí neamhphearsanta) a chur ar aghaidh go díreach chuig an seoladh seo a leanas:

Oifig an Choimisinéara Faisnéise

Seoladh:
6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

info@oic.ie

Teileafón:
00 353 1 6395689

Ní foláir táille chaighdeánach €50 a bheith ag gabháil le hiarratais chuig an gCoimisinéir Faisnéise ar athbhreithniú ar bhreitheanna arna dtabhairt ag comhlachtaí poiblí faoi Alt 34.

Beidh feidhm ag táille laghdaithe €15:

  • más sealbhóir cárta liachta nó cleithiúnaí ar shealbhóir cárta liachta atá sa duine atá ag déanamh an iarratais nó
  • má tá an duine sonraithe in Alt 38, is é sin, tríú páirtí ag a bhfuil an ceart chun iarratas a dhéanamh go díreach chuig an gCoimisinéir Faisnéise i gcás gurb é breith comhlachta phoiblí a bhfaisnéis a scaoileadh ar fhorais leas an phobail

Tá na hiarratais seo a leanas chuig an gCoimisinéir Faisnéise díolmhaithe ó tháille:

  • iarratas a bhaineann le taifid nach bhfuil iontu ach faisnéis phearsanta a bhfuil baint aici leis an iarratasóir
  • iarratas i ndáil le breith fao Alt 9 (ceart chun taifid a bhaineann le faisnéis phearsanta a leasú)
  • iarratas i ndáil le breith faoi Alt 10 (ceart duine chun faisnéise maidir le gníomhartha comhlachtaí poiblí a dhéanann difear don duine)
  • iarratas i ndáil le breith táille nó éarlais is mó ná €10 a ghearradh faoi Alt 27 i leith taifid a chuardach agus a aisghabháil agus a fhótachóipeáil
  • iarratas i ndáil le breith táille, nó táille de mhéid áirithe, a ghearradh faoi Alt 27, ar an bhforas nach bhfuil faisnéis phearsanta nach bhfuil baint aici ach leis an iarrthóir amháin sna taifid lena mbaineann, nó nach sealbhóir cárta liachta ná cleithiúnaí ar shealbhóir cárta liachta atá san iarrthóir

Conas iarratas a dhéanamh

Chun rochtain a fháil ar thaifead, ní foláir duit an fhoirm thíos a líonadh isteach agus í a chur ar ais chuig:

An tAonad Comhordaithe Saorála Faisnéise

Seoladh:
An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, 51 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

foi@justice.ie

Teileafón:
1800 221 227
Foirm Iarratais Saorála Faisnéise (Iarraidh Phearsanta)
Foirm Iarratais Saorála Faisnéise (Iarraidh Phearsanta)
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil
Foirm Iarratais Saorála Faisnéise (Iarraidh Neamhphearsanta)
Foirm Iarratais Saorála Faisnéise (Iarraidh Neamhphearsanta)
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Má tá taifid phearsanta á n-iarraidh agat, is ceart duit aitheantas fótagrafach a chur isteach. Má bhíonn cabhair ag teastáil uait agus d’iarraidh á déanamh agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le foi@justice.ie nó, de rogha air sin, glaoigh ar 01 602 8654.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat