Áitreabh a bhogadh mar dhéileálaí arm tine
- Foilsithe: 18 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 16 Márta 2026
Níor cheart do dhéileálaí áitreabh cláraithe a aistriú riamh gan cead a fháil roimh ré ón Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce.
Déan teagmháil leis an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce a luaithe is féidir chun í a chur ar an eolas faoi do bhogadh beartaithe. Beidh tuarascáil um chosc na coireachta ag teastáil i leith an áitribh nua.
Níor cheart aon airm thine ná aon armlón a aistriú chuig an áitreabh nua go dtí go mbeidh cead i scríbhinn faighte agat ón Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce.
An tAonad um Airm Thine agus Pléascáin a Cheadúnú, Beartas agus Cigireacht
- Seoladh:
- An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, 51 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2, D02 HK52
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353 1 859 2288