Bás a chlárú leis an gCróinéir

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Bás a chlárú leis an gCróinéir


Bás a chlárú (i gcás nach mbeidh aon imscrúduithe breise ag teastáil)

Más rud é go gcomhlíonfar na coinníollacha uile atá mínithe sa rannán Bás a chlárú agus nach mbeidh aon imscrúdú breise ag teastáil, ligfidh an Cróinéir don dochtúir Foirm Fógra Báis a chomhlánú.

Áirítear leis an bhfoirm sin Cúis Liachta an Bháis, agus fágann sí go bhféadfar an bás a chlárú ansin le Cláraitheoir na mBásanna.

Conas clárú

Ní foláir do ghaol (nó do dhuine incháilithe eile) Foirm Fógra Báis a fháil ón lia-chleachtóir a chonaic an duine éagtha agus a chuir cóireáil air nó uirthi le linn a bhreoiteachta deireanaí nó a breoiteachta deireanaí.

Tugtar an Fhoirm Fógra Báis d’Oifig an Chláraitheora, áit a gcláraítear an bás agus a n-eisítear an Deimhniú Báis.

Más rud é go dtarlóidh bás in ospidéal, féadfaidh duine d’fhoireann an ospidéil an bás a chlárú.

Beidh an deimhniú báis ar fáil ó d’oifig cláraitheora áitiúil.

Más gá imscrúduithe breise a dhéanamh ar bhás, is féidir leat faisnéis a fháil thíos faoi cad atá le déanamh agat.

Básanna mar gheall ar chúiseanna mínádúrtha a chlárú

Más rud é go measfar bás a bheith mínádúrtha, ní fhéadfaidh dochtúir é a dheimhniú. Ní fhéadfaidh dochtúir Foirm Fógra Báis a chomhlánú thar ceann dochtúir eile.

Bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil, cinnfidh an Cróinéir:

  • an féidir bás a dheimhniú gan aon ghníomh eile
  • an mbeidh scrúdú iarbháis ag teastáil chun tuilleadh faisnéise a shuí
  • an mbeidh scrúdú iarbháis agus ionchoisne ag teastáil

Más rud é go dtuairisceofar bás don Chróinéir agus go mbeidh sé ina ábhar do scrúdú iarbháis nó d’ionchoisne, clárófar an bás nuair a eiseoidh an Cróinéir an deimhniú uaidh nó uaithi tar éis an scrúdaithe iarbháis nó an ionchoisne.

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Báis Eatramhach go dtí go suífidh an Cróinéir cúis an bháis agus go gcláróidh sé nó sí an bás go hoifigiúil.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat