Clárú mar dhéileálaí i mbréagairm thine réalaíocha
- Foilsithe: 30 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 16 Márta 2026
Ceanglaítear le hAlt 40 den Acht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 go mbeidh ar aon duine ar mian leis nó léi airm thine bhréige réalaíocha a allmhairiú lena ndíol clárú leis an roinn seo agus caighdeáin áirithe a chomhlíonadh.
Is féidir leat do spéis a chlárú leis an Aonad um Airm Thine ag firearms@justice.ie
Ba cheart duit a thabhairt do d’aire nár tosaíodh alt 40(9D) go fóill.