Clárú mar dhéileálaí arm tine neamhshrianta
- Foilsithe: 30 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 16 Márta 2026
Cad is déileálaí arm tine neamhshrianta ann
Is clárú ginearálta é seo chun déileáil i ngach arm tine neamhshrianta agus i ngach armlón neamhshrianta. Áirítear leis an gcatagóir sin oibritheoirí millíní péinte.
Déantar foráil don mhíniú ar ‘arm tine neamhshrianta’ in I.R. Uimh. 21/2008 – An tOrdú um Airm Thine (Airm Thine Shrianta agus Armlón Srianta) 2008 agus I.R. Uimh. 337/2009 – An tOrdú um Airm Thine (Airm Thine Shrianta agus Armlón Srianta) (Leasú) 2009.
Tá catagóir clárúcháin ar leith ann do dhéileálaithe nach ndéanann trádáil ach amháin i ndíol agus ceannach armlóin le haghaidh gránghunnaí, aerghunnaí neamheitreacha, agus airm thine eitreacha nach mó ná .22 orlach a gcalabra. Is é €75 an táille as clárúchán trí bliana mar dhéileálaí in armlón amháin.
Féadfaidh déileálaithe arm tine neamhshrianta ar mian leo trádáil in airm thine shrianta iarratas a dhéanamh ar údarú chun déileáil in airm thine den sórt sin. Is é €500 an táille as an údarú sin ar feadh trí bliana.
Is é €1,000 an táille as ar feadh trí bliana.
Déan iarratas
Líon isteach an fhoirm thíos agus taisc í le sáirsint an Gharda Síochána san fhodhúiche ina gcónaíonn tú. Déanfaidh sé nó sí tuarascáil oiriúnachta ar do charachtar agus déanfaidh sé nó sí Tuarascáil um Chosc na Coireachta ar an suíomh óna bhfuil sé beartaithe agat trádáil a dhéanamh.
Cuirfear an dá thuarascáil ar aghaidh chuig an Aire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce le haghaidh cinnidh, a sheolfar chugat i scríbhinn. Más rud é go bhfuil cinneadh an Aire dearfach, féadfaidh tú tosú ar an obair thógála chun na moltaí ón Oifigeach um Chosc na Coireachta a chomhlíonadh.
A luaithe atá gach rud i gceart, beidh ort an táille chlárúcháin a íoc mar atá leagtha amach thuas.
Tabhair faoi deara: Ní féidir leat teacht chun bheith i do dhéileálaí arm tine cláraithe má tá tú gan teideal chun a bheith cláraithe faoi Achtanna na nArm Tine. Dearbhaítear na daoine seo a leanas a bheith gan teideal chun a bheith cláraithe faoi alt 9 d’Acht na nArm Tine, 1925, arna leasú leis an Acht um Cheartas Coiriúil 2006:
(a) duine atá faoi bhun 21 bhliain d’aois
(b) duine mímheabhrach
(c) duine ar cuireadh pianbhreith phríosúnachta air nó uirthi mar gheall ar chion faoi Achtanna na nArm Tine, 1925 go 2006, faoi na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit, 1939 go 1998, nó faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta), 2005;
(d) duine atá faoi cheangal ag cúirtbhanna chun an tsíocháin a choinneáil nó a bheith dea-iomprach, ar ceangal é lena ngabhann coinníoll nach ndéanfaidh an duine arm tine ná armlón a shealbhú, a úsáid ná a iompar.
Sular féidir tú a chlárú, beidh ort an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce a shásamh go bhfuil tú ar tí láithreach gnó a sheoladh mar dhéileálaí arm tine sa Stát in áitreabh atá oiriúnach don chuspóir sin. Is ceart duit soiléire a fháil ó d’údarás áitiúil i ndáil le ceanglais maidir le cead pleanála. Agus aon iarratas den sórt sin ar chlárú á bhreithniú ag an Aire, tabharfaidh sé nó sí aird ar charachtar an iarratasóra, agus ar shábháilteacht an phobail agus ar chaomhnú na síochána go ginearálta.