Teagmhas a Thuairisciú (Oibritheoirí Seirbhísí Riachtanacha)

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Teagmhas a Thuairisciú (Oibritheoirí Seirbhísí Riachtanacha)

Ceanglaítear ar Oibritheoirí Seirbhísí Riachtanacha teagmhais a thagann faoi raon feidhme na Treorach maidir le Slándáil Gréasán agus Faisnéise a thuairisciú.

Is é is teagmhas intuairiscithe ann aon teagmhas a bhfuil tionchar suntasach aige ar leanúnachas aon seirbhíse riachtanaí a sholáthraíonn Oibritheoir Seirbhísí Riachtanacha. Sa chomhthéacs sin, ciallaíonn tionchar suntasach nach mór cur isteach a bheith ann ar an tseirbhís riachtanach a sholáthraíonn an tOibritheoir Seirbhísí Riachtanacha agus nár cheart an tseirbhís riachtanach a bheith i mbun feidhme ar feadh tréimhse ama ar leith.

Cinntear teagmhas intuairiscithe trí leas a bhaint as na paraiméadair thionchair shuntasaigh atá sa Treoir. Is féidir tuilleadh faisnéise faoi thuairisciú teagmhas a fháil sna Treoirlínte d’Oibritheoirí Seirbhísí Riachtanacha i ndáil leis an Treoir maidir le Slándáil Gréasán agus Faisnéise a Chomhlíonadh.​

Teagmhas a thuairisciú

Comhlánaigh an fhoirm ó shuíomh Gréasáin an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála thíos agus seol í chuig incident@ncsc.gov.iecertreport@dcee.gov.ie.

Operator of Essential Services - Incident Notification Form
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat