An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Teagmhas a Thuairisciú (Oibritheoirí Seirbhísí Riachtanacha)
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Ceanglaítear ar Oibritheoirí Seirbhísí Riachtanacha teagmhais a thagann faoi raon feidhme na Treorach maidir le Slándáil Gréasán agus Faisnéise a thuairisciú.
Is é is teagmhas intuairiscithe ann aon teagmhas a bhfuil tionchar suntasach aige ar leanúnachas aon seirbhíse riachtanaí a sholáthraíonn Oibritheoir Seirbhísí Riachtanacha. Sa chomhthéacs sin, ciallaíonn tionchar suntasach nach mór cur isteach a bheith ann ar an tseirbhís riachtanach a sholáthraíonn an tOibritheoir Seirbhísí Riachtanacha agus nár cheart an tseirbhís riachtanach a bheith i mbun feidhme ar feadh tréimhse ama ar leith.
Cinntear teagmhas intuairiscithe trí leas a bhaint as na paraiméadair thionchair shuntasaigh atá sa Treoir. Is féidir tuilleadh faisnéise faoi thuairisciú teagmhas a fháil sna Treoirlínte d’Oibritheoirí Seirbhísí Riachtanacha i ndáil leis an Treoir maidir le Slándáil Gréasán agus Faisnéise a Chomhlíonadh.
Teagmhas a thuairisciú
Comhlánaigh an fhoirm ó shuíomh Gréasáin an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála thíos agus seol í chuig incident@ncsc.gov.ie nó certreport@dcee.gov.ie.