Geallghlacadóir Trastíre Éireannach: Deimhniú Oiriúnachta Pearsanta

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Geallghlacadóir Trastíre Éireannach: Deimhniú Oiriúnachta Pearsanta


Cén fáth nach foláir duit iarratas a dhéanamh

Ní foláir do gheallghlacadóirí trastíre Éireannacha iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Oiriúnachta Pearsanta ionas go bhféadfaidh siad oibriú. Ní fhéadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim Ceadúnas Geallghlacadóra a eisiúint ach amháin i gcás go mbeidh Deimhniú Oiriúnachta Pearsanta ag an iarratasóir.

Ní foláir iarratais ar Dheimhnithe Oiriúnachta Pearsanta ó oibritheoirí trastíre a bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát a dhéanamh chuig Ceannfort den Gharda Síochána tar éis fógra a chur in dhá nuachtán laethúla náisiúnta.

Ní foláir an fógra agus an fhoirm iarratais a bheith san fhormáid atá sonraithe sna foirmeacha thíos. Tá na ceanglais iomlána atá ar iarratasóirí leagtha amach san Acht Gealltóireachta (Leasú), 2015.

Féadfaidh geallghlacadóirí cianda (ar líne) iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Oiriúnachta Pearsanta d’Oibritheoir Cianda (ar Líne).

Féadfaidh oibritheoirí trastíre nach bhfuil cónaí orthu sa Stát iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Oiriúnachta Pearsanta d’Oibritheoir Trastíre Lasmuigh den Stát.

Cé na daoine nach foláir dóibh iarratas a dhéanamh

Deimhnítear leis an Deimhniú Oiriúnachta Pearsanta gur duine cuí oiriúnach chun Ceadúnas Geallghlacadóra a shealbhú é nó í duine aonair nó an t-oifigeach iomchuí de chomhpháirtíocht nó de chomhlacht corpraithe.

Ní foláir do gach oifigeach iomchuí deimhniú a fháil.

Cé na nithe nach foláir duit a sholáthar

Ní foláir na nithe seo a leanas a bheith ag gabháil leis an bhfoirm iarratais:

  • leaganacha bunaidh de na fógraí nuachtáin ina ndearbhaítear go mbeartaíonn an t-iarratasóir iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Oiriúnachta Pearsanta
  • i gcás comhlachtaí corpraithe, Deimhniú Iniúchóra do na trí bliana seo a chuaigh thart dá bhfuil oibleagáid dhlíthiúil orthu cuntais a chur isteach, mar aon le cuntais mhionsonraithe don tréimhse chéanna
  • i gcás trádálaithe aonair, ráiteas cuntas iniúchta do na trí bliana seo a chuaigh thart
  • faisnéis maidir le haon chionta iomchuí a bhfuil an t-iarratasóir arna chiontú nó arna ciontú iontu, cibé acu sa Stát nó in áit eile (léigh alt 6 den Acht) (PDF, ó leathanach 18)
  • cóip dheimhnithe d’aon cheadúnais reatha sa chatagóir is infheidhme arna n-eisiúint sa Stát nó i stát eile den Aontas Eorpach

Foirmeacha iarratais

Newspaper Ad terrestrial Irish operators
Amharc amharc
Application for CPF terrestrial Irish operators (PDF - 367KB)
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat