Ráiteas Straitéise – Comhairliúchán Poiblí
- Foilsithe: 2 Bealtaine 2025
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 2 Bealtaine 2025
- Dúnadh na haighneachtaí: 21 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 2 Bealtaine 2025
Consultation is open
Cé sinn
Is í fís na Roinne Dlí agus Cirt go mbeadh Éire sábháilte, cóir agus uilechuimsitheach. Tá a lán freagrachtaí difriúla orainn, lena n-áirítear cosc ar an gcoireacht, an tslándáil náisiúnta, an ceartas agus an inimirce.
Tá tuilleadh faisnéise faoi ghníomhaíochtaí na Roinne ar fáil ar ár suíomh Gréasáin.
Maidir leis an gComhairliúchán seo
Tar éis cheapachán an Aire Shéamuis Uí Cheallacháin agus i gcomhréir leis an Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, 1997, tá an Roinn i mbun Ráiteas Straitéise nua a fhorbairt.
Beidh ár Straitéis bunaithe ar Chlár an Rialtais, ar phríomhthosaíochtaí Rialtais, ar chreataí beartais agus ar shaincheisteanna suntasacha eile, agus leagfar amach inti ár spriocanna ardleibhéil don tréimhse 2025-2028.
Is féidir leat an Ráiteas Straitéise roimhe uainn a léamh anseo.
Cé atá in ann an suirbhé a chomhlánú?
Mar chuid dár bpróiseas comhairliúcháin, tá cuireadh á thabhairt do dhaoine den phobal chun a dtuairimí a chur in iúl ar na spriocanna straitéiseacha agus eagraíochtúla atá beartaithe againn. Tá an suirbhé seo ar oscailt do gach duine atá ina gcónaí in Éirinn.
An suirbhé gan ainm é?
Is ea. Beidh do fhreagraí gan ainm – is é sin le rá nach mbeidh a fhios againn cé thusa. Ná cuir d’fhaisnéis phearsanta le do fhreagraí, le do thoil. Chomh maith leis sin, ní thuairisceoimid ar fhreagraí aonair – déanfaimid iad a ghrúpáil le chéile chun d’anaithnideacht a chosaint tuilleadh.
Saoráil faisnéise
Tabhair faoi deara, le do thoil, gur féidir go mbeidh freagraí ar an suirbhé seo faoi réir a n-eisiúna faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014. Fágann sé sin nach mór dúinn, de réir dlí, an fhaisnéis sin a eisiúint má iarrann duine aonair nó eagraíocht í. Má tá aon fhaisnéis phearsanta le fáil sna freagraí, áfach, déanfaimid í a cheilt sula n-eiseoimid í. Molaimid duit gan faisnéis phearsanta a chur le do fhreagraí.
Ba mhaith liom an suirbhé a dhéanamh. Conas a thosaím?
Cliceáil ar an nasc thíos le do thoil, chun páirt a ghlacadh sa suirbhé seo.