English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comhairliúchán seolta ag an Aire Ó Flannagáin maidir leis an Ráta Lascaine i gCásanna Díobhálacha Pearsanta

Inniu, sheol an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Cathal Ó Flannagáin, T.D., comhairliúchán chun tuairimí a lorg maidir leis an tslí inar chóir an ráta lascaine a shocrú i gcásanna díobhálacha pearsanta.

Bunaíodh an Grúpa Oibre um Chostas Árachais (CIWG) in 2016 chun anailís a dhéanamh ar na costais arda arna bhforchur ag cuideachtaí árachais d’fhonn na gníomhaíochtaí a chinneadh a d’fhéadfadh an Rialtas a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar aon saincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ag cur leis na costais sin. Tá dhá phríomhthionscadal taighde glactha air féin ag an nGrúpa – scrúdú ar an earnáil árachais mótair agus scrúdú ar na hearnálacha árachais dliteanais fostóra agus árachais dliteanais phoiblí.

I dtuarascáil an Choiste maidir le hÁrachas Mótair, mhol an Grúpa Oibre um Chostas Árachais (moladh 24) gur chóir tabhairt faoi scrúdú ar shocrú an ráta lascaine. Tar éis dó an scrúdú sin a chríochnú, mhol an Grúpa Oibre um Chostas Árachais go ndéanfaí comhairliúchán poiblí maidir leis an tsaincheist. Tabharfar éifeacht don mholadh sin leis an gcomhairliúchán seo.

Dúirt an tAire Ó Flannagáin:

“Baineann na cúirteanna úsáid as an ráta lascaine, ar a dtugtar an fíor-ráta toraidh freisin, chun méid na dámhachtana a chinneadh is gá chun duine a chúiteamh i leith damáistí le haghaidh caillteanas sa todhchaí. Faoi láthair, is de réir cásdlí a chinntear an ráta, cé go bhfuil de chumhacht ag an Aire an ráta a shocrú le hOrdú faoin Acht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna, 2004.”

Tá tuairimí ar dhá phríomh-shaincheist, a mhéid a bhaineann siad leis an ráta lascaine, á lorg ag an Aire:

  • Ar chóir go bhfágfaí faoin mBreithiúnacht, le linn an ráta lascaine a chinneadh, an ráta cuí a chinneadh cás ar chás, nó ar chóir alt 24 den Acht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna, 2004 a leasú trí phrionsabail agus beartais a thabhairt isteach chun a cheadú don Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais an ráta a chinneadh agus athbhreithniú a dhéanamh go tréimhsiúil ina dhiaidh sin.
  • Mar a tharla sa Ríocht Aontaithe, an bhfuil gá le nuashonrú ar an straitéis infheistíochta a nglactar leis a úsáidfidh gearánaí nuair a bheidh an ráta lascaine á chinneadh (a sheachnaíonn rioscaí faoi láthair)?

Leag an tAire béim ar an méid seo a leanas:

“Trí ghabháil don chomhairliúchán seo, ní hé atá ar intinn agam athrú a dhéanamh ar an mbunphrionsabal gur chóir d’éilitheoir cúiteamh iomlán a fháil ach sraith ceisteanna a chur maidir le cad is gá a dhéanamh, más aon rud é, chun an córas reatha lena socraítear an ráta lascaine a nuashonrú.

Go háirithe, táim ag iarraidh ar acadóirí agus cleachtóirí a bhfuil suim nó saineolas ar leith acu sa réimse seo den dlí árachais, ionchur a sholáthar agus cabhrú linn córas a fhorbairt lena gcinnteofar comhsheasmhacht.”

Ní foláir aighneachtaí maidir leis an gcomhairliúchán a chur chuig discountrateconsultation@justice.ie faoin 5 Lúnasa, 2020.

CRÍOCH…/

Nótaí d’Eagarthóirí:

An Grúpa Oibre um Chostas Árachais

Bunaíodh an Grúpa Oibre um Chostas Árachais (CIWG) in 2016 chun anailís a dhéanamh ar na costais arda arna bhforchur ag cuideachtaí árachais d’fhonn na gníomhaíochtaí a chinneadh a d’fhéadfadh an Rialtas a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar aon saincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ag cur leis na costais sin.

Tá dhá phríomhthionscadal taighde glactha air féin ag an nGrúpa– scrúdú ar an earnáil árachais mótair agus scrúdú ar na hearnálacha árachais dliteanais fostóra agus árachais dliteanais phoiblí.

De réir an nuashonraithe is déanaí ón nGrúpa Oibre um Chostas Árachais, tá dul chun cinn suntasach déanta maidir le cur i ngníomh na moltaí atá sna tuarascálacha ar árachas mótair agus ar dhliteanas fostóra agus dliteanas poiblí. Seo roinnt samplaí den chéanna:

  • bunú an Choimisiúin um Dhíobhálacha Pearsanta agus na moltaí uaidh ina dhiaidh sin a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar leibhéal na ndámhachtainí i leith díobhálacha fhíocháin bhoig;
  • bunú Chomhairle na mBreithiúna agus an Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta dá cuid, ar Coiste é atá le dréacht-treoirlínte nua maidir le dámhachtainí díobhálacha pearsanta a ullmhú níos déanaí i mbliana;
  • bunú an Bhunachair Náisiúnta Faisnéise ar Éilimh sa Bhanc Ceannais chun trédhearcacht a mhéadú i ndáil le costas árachais mótair sa todhchaí; tá an Banc Ceannais le tús a chur leis an obair chun a raon a leathnú i mbliana ionas go gcumhdóidh sé árachas dliteanais fostóra agus árachas dliteanais phoiblí;
  • athchóirithe ar an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta leis an Acht um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta (Leasú), 2019;
  • leasuithe ar Ailt 8 agus 14 den Acht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna, 2004 d’fhonn a éascú do ghnóthaí agus d’árachóirí agóid a dhéanamh i gcásanna ina bhfuil amhras ann go bhfuil calaois nó áibhéil i gceist;
  • athchóiriú an Chiste Cúitimh Árachais chun cinnteacht a sholáthar do shealbhóirí polasaí agus d’árachóirí;
  • athchóirithe éagsúla maidir le conas a dhéantar calaois a thuairisciú agus conas a dhéanfaidh an Garda Síochána déileáil leis, lena n-áirítear comhordú méadaithe le tionscail an árachais, mar aon leis an ngealltanas a thug Coimisinéir an Gharda Síochána le déanaí calaois a imscrúdú ag an leibhéal roinne, imscrúdú a dhéanfar faoi threoir Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Choireacht Eacnamaíoch (GNECB) a thabharfaidh oiliúint do Ghardaí ar fud na tíre maidir le calaois árachais a imscrúdú, agus an rath a bhí air “Operation Coatee” le déanaí, oibríocht inar díríodh ar choireacht a bhaineann le hárachas; agus
  • an obair atá ar siúl faoi láthair ag an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí (LRC) chun tabhairt faoi anailís mhionsonraithe ar an bhféidearthacht reachtaíocht a bheidh cobhsaí ó thaobh an bhunreachta de a fhorbairt lena ndéanfaí teorainn nó barr a chur le méideanna damáistí a fhéadfaidh cúirt a dhámhadh maidir le roinnt catagóirí nó gach catagóir díobhálacha pearsanta.

Tá tionchar suntasach imeartha ag na hathchóirithe sin maidir le hárachas mótair príobháideach (léiríonn figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh ó Aibreán 2020 go bhfuil praghas an árachais mótair 29.2% níos ísle anois ná buaicphointe mhí Iúil 2016). Tá sé tábhachtach go leanfaí den obair chun na treochtaí dearfacha praghsála a leathnú chuig foirmeacha eile árachais, lena n-áirítear na cinn sin is iomchuí maidir le gnóthaí.