English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Flanagan Cairt Íospartach Nua ina dtugtar faisnéis fhíorthábhachtach d’íospartaigh na coireachta

  • Cairt Nua á foilsiú i gcomhair an Lae Eorpaigh d’Íospartaigh na Coireachta
  • Cinnteoidh an Chairt go mbeidh íospartaigh na coireachta ar an eolas faoina gcearta agus faoi na seirbhísí a bhfuil teideal acu chun iad a fháil
  • Táthar tar éis láithreán gréasáin nua - victimscharter.ie - a fhorbairt agus feabhsófar é chun tacú le scaipeadh na Cairte ar bhonn níos leithne

In oirchill an Lae Eorpaigh d’Íospartaigh na Coireachta (an 22 Feabhra), tá an tAire Dlí & Cirt, Charlie Flanagan TD, tar éis Cairt Íospartach nua leathnaithe a fhoilsiú. Foilsíodh an leagan roimhe seo den Chairt sa bhliain 2010.

Tá cearta íospartaigh na coireachta leagtha amach go formhór san Acht um Cheartas Coiriúil (Íospartaigh na Coireachta) 2017. Tá uasdátú déanta ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ar an gCairt Íospartach chun an dlí sin a chur san áireamh agus chun a chumasú d'íospartaigh na coireachta faisnéis faoi na seirbhísí atá ar fáil dóibh a fháil go héasca.

Leagtar faisnéis amach sa Chairt maidir leis na seirbhísí a thairgeann an Stát agus, chomh maith leis sin, maidir leis na seirbhísí a thairgeann grúpaí saorálacha a oibríonn le híospartaigh na coireachta. Leagtar amach inti an tslí inar féidir dul i dteagmháil leis na seirbhísí sin agus na tacaíochtaí ar féidir leis na seirbhísí iad a chur ar fáil d’íospartaigh na coireachta.

Déanann an Chairt cur síos ar an gcóras ceartais choiriúil i gcomhthéacs íospartach na coireachta ionas gur féidir leo tuiscint a bheith acu ar an méid ar féidir leo a bheith ag súil leis agus iad ag idirghníomhú leis an gcóras sin.

Le linn don Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Charlie Flanagan TD, foilsiú na Cairte a fhógairt, dúirt sé an méid seo a leanas:

“D’fhéadfadh sé gurb amhlaidh, i gcás ina dtagann duine chun bheith ina íospartach/híospartach coireachta, gurb eispéireas fíorthrámach a bheadh ann. Tuigim gur féidir le híospartaigh deacracht a bheith acu maidir le tús a chur le déileáil lena n-eispéireas agus maidir le téarnamh a dhéanamh uaidh. Tá íospartaigh na coireachta i dteideal tacaíocht a fháil uainn sa phróiseas a bhaineann leis sin. Tá lúcháir orm an Chairt Íospartach a fhoilsiú arb é is aidhm dó cabhrú le híospartaigh na coireachta faisnéis faoi na seirbhísí atá ar fáil dóibh a fháil go tapa agus go héasca.

Le linn an phróisis uasdátúcháin, chuir mé féin agus mo chuid oifigeach san áireamh na tuairimí a bhí léirithe ag íospartaigh na coireachta agus d’fhéachamar leis an aiseolas sin a léiriú sa Chairt nua. Comhpháirt luachmhar nua de chuid na Cairte is ea faisnéis a bheith ann den chéad uair maidir le cúnamh consalachta atá ar fáil chun tacú le híospartaigh Éireannacha na coireachta le linn dóibh a bheith thar lear.

Is doiciméad beo é an Chairt agus déanfar é a uasdátú agus a leathnú ar bhonn leanúnach lena chinntiú go mbíonn rochtain gach tráth ag íospartaigh na coireachta ar an bhfaisnéis is cothroime le dáta agus is ábhartha.”

Rinne an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais an Chairt a uasdátú trí bhíthin próiseas comhairliúcháin a raibh gach gníomhaireacht Stáit agus, ina theannta sin, gach eagraíocht neamhrialtasach a oibríonn le híospartaigh, agus a thacaíonn le híospartaigh, bainteach leis.

Chomh maith leis sin, dúirt an tAire Flanagan an méid seo a leanas:

“Leanann eagraíochtaí saorálacha agus neamhrialtasacha de ról fíorthábhachtach a bheith acu maidir le tacú le híospartaigh coireachta, lena dteaghlaigh agus lena gcairde. Tá mé fíorbhuíoch díobh as a gcuid oibre leanúnaí agus as a n-ionchur dearfach i leith fhorbairt na Cairte.”

Tá an Chairt Íospartach ar fáil ar an sainláithreán gréasáin victimscharter.ie

Déanfar an láithreán gréasáin sin a fhorbairt tuilleadh sna míonna atá romhainn le go mbeidh gnéithe feabhsaithe ann lena n-áirítear an rogha chun cuardach a dhéanamh de réir suímh agus, chomh maith leis sin, soláthrófar tuilleadh faisnéise agus grafaicí faisnéise ina sonraítear na nithe ar féidir le híospartaigh a bheith ag súil leo ón gcóras ceartais choiriúil.

Tá sé beartaithe bearta breise a chur i bhfeidhm i ndáil leis an gCairt a scaipeadh tuilleadh, lena n-áirítear feasacht a mhéadú maidir leis na meáin shóisialta agus dáileadh bileog faisnéise agus ábhar poiblíochta ar stáisiúin de chuid an Gharda Síochána, ar leabharlanna, ar sheomraí éigeandála agus ar shuíomhanna eile.

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí

Beidh an Chairt ar fáil ar victimscharter.ie ó 9am ar aghaidh.

Ón tráth ar foilsíodh an Chairt roimhe seo sa bhliain 2010, tá athruithe suntasacha déanta ar an dlí in Éirinn agus, go háirithe, de bhua an Achta um Cheartas Coiriúil (Íospartaigh na Coireachta) 2017.

Den chéad uair, áirítear faisnéis faoi chúnamh consalachta atá ar fáil ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála chun tacú le híospartaigh Éireannacha na coireachta le linn dóibh a bheith thar lear.

Sa Chairt nua leathnaithe, leagtar amach na cearta atá ag íospartaigh ag na céimeanna éagsúla ar fad den chóras ceartais choiriúil tar éis coir a bheith tuairiscithe. Soláthraíonn sí faisnéis faoi na seirbhísí atá ar fáil d’íospartaigh agus déantar an méid seo a leanas a leagan amach inti:

  • an ról atá ag gach seirbhís ar leith;
  • an méid ar féidir le híospartaigh a bheith ag súil leis ón tseirbhís lena mbaineann (na seirbhísí a thairgeann siad d’íospartaigh); agus
  • An méid ar féidir le híospartach a dhéanamh i gcás nach sroicheann seirbhís an caighdeán a bhfuil siad ag súil leis.

Sa chomhthéacs seo, is é/í atá in íospartach (mar a fhoráiltear in Acht 2017) ná:

  • Duine ar bhain díobháil dó/di, lena n-áirítear díobháil fhisiciúil, mheabhrach nó mhothúchánach nó caillteanas eacnamaíochta, ar díobháil í a raibh cion coiriúil ina chúis léi go díreach; nó
  • duine de theaghlach duine arbh é ba chúis lena bhás/bás cion coiriúil agus a d’fhulaing díobháil mar thoradh ar bhás an duine sin. (Ní áiríonn sé sin daoine den teaghlach atá cúisithe i leith an bháis nó atá á n-imscrúdú i dtaca leis an mbás).

Rinne an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais an Chairt Íospartach nua leathnaithe a uasdátú i gcomhpháirtíocht leis na gníomhaireachtaí Stáit iomchuí go léir agus, chomh maith leis sin, i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí saorálacha agus neamhrialtasacha atá gníomhach i ndáil le seirbhísí a sholáthar d’íospartaigh.

De bhreis ar malairtí tuairime i scríbhinn, rinneadh ceardlann chomhairliúcháin a d’éascaigh an tIonad Coireachta, Ceartais agus Staidéar Íospartach in Ollscoil Luimnigh a seoladh ar an 18 Nollaig 2019 lena chinntiú go gcomhlíonfadh an Chairt riachtanais na n-íospartach agus go mbeadh socruithe cuí ann maidir le scaipeadh na Cairte.

Cuir an Áisíneacht Náisiúnta Litearthachta d’Aosaigh (NALA) cúnamh ar fáil le linn an dréacht a athbhreithniú lena chinntiú go bhfuil sé soiléir agus go bhfuil teacht ag gach uile dhuine air.