English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ó Hildegarde Naughton TD ar bhás Mervyn Taylor

Ba mhaith liom mo bhrón a chur in iúl ar bhás an iar-Teachta Dála agus Aire, Mervyn Taylor.

Ina Aire Comhionannais agus Athchóirithe Dlí ceannródaíoch dó idir na blianta 1993 agus 1997, coinneofar i gcuimhne é, agus is ceart sin, as an reifreann a stiúradh trínar ceadaíodh colscaradh in Éirinn, ag cur ar chumas daoine saol nua a bhaint amach dóibh féin tar éis póstaí nár éirigh leo.

Is é a chur tús leis an Acht um Chomhionannas Fostaíochta agus leis an Acht um Stádas Comhionann san Oireachtas, agus rith sé leasú ar an Acht Léiriúcháin chun teanga inscne-chuimsitheach a chur chun cinn.

Chuir an obair a rinne sé ina Aire agus ina chomhalta den Coimisiún um Chearta an Duine go mór le leibhéil níos mó comhionannais i sochaí na hÉireann, obair a mhairfidh a rian ar feadh i bhfad amach anseo.

Ba mhaith liom comhbhrón ó chroí a dhéanamh lena chairde agus lena mhuintir.

Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.