Tacú le leanaí le linn athruithe teaghlaigh
Nuair a thagann athruithe ar theaghlaigh mar gheall ar idirscaradh nó ar cholscaradh, is féidir tréimhse dheacair mhearbhlach do gach duine, agus do leanaí go háirithe, a chruthú. Is féidir go mbeidh deacracht ag daoine óga déileáil leis na hathruithe. Is dócha go mbeidh a lán ceisteanna acu agus is féidir go mbeidh a lán mothúchán orthu a mbeidh sé deacair dóibh iad a chur in iúl. Teastaíonn ó leanaí a mhothú go bhfuil siad sábháilte, go dtacaítear leo agus go n-éistear leo le linn na tréimhse sin. Má fhaigheann leanaí an tacaíocht cheart, mothóidh siad níos sábháilte, beidh siad níos muiníní, agus beidh siad níos ábalta cur suas le hathruithe agus le héiginnteacht.
Forbraíodh na físeáin thíos do leanaí go háirithe chun cabhrú leo próisis ceartais teaghlaigh amhail idirscaradh, idirghabháil agus na cúirteanna teaghlaigh a thuiscint. Tá seirbhísí ann freisin ar féidir leo cabhair agus tacaíocht a thabhairt ionas nach mbeidh ar aon leanbh ná ar aon aosach dul tríd an aistear deacair sin ina n-aonar.
Cliceáil anseo chun tacaíochtaí agus seirbhísí do thuismitheoirí agus d’aosaigh a aimsiú.
Cliceáil anseo chun rochtain a fháil ar leagan inphriontáilte PDF den tsraith físeán atá deartha do leanaí suas le 15 bliana d’aois.
- Foilsithe: 1 Bealtaine 2026
- An t-eolas is déanaí: 7 Bealtaine 2026