Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí ar Phá Maireachtála a thabhairt isteach de réir a chéile

Tá an Comhairliúchán dúnta

Tá an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ag tabhairt faoi chomhairliúchán poiblí ar phá maireachtála a thabhairt isteach de réir a chéile.

Iarradh ar an gCoimisiún um Pá Íseal scrúdú a dhéanamh ar an ngealltanas i gClár an Rialtais “dul i dtreo pá maireachtála thar shaolré an Rialtais” agus moltaí a dhéanamh maidir leis an dóigh is fearr chun an gealltanas seo a bhaint amach.

Rinne an Coimisiún um Pá Íseal 18 moladh san iomlán maidir leis an dóigh is fearr ar féidir pá maireachtála a thabhairt isteach de réir a chéile.

Is é an cuspóir atá leis an gcomhairliúchán seo, do chuid tuairimí a lorg ar mholtaí an Choimisiúin um Pá Íseal maidir le Pá Maireachtála a thabhairt isteach de réir a chéile atá á mbreithniú anois ag an Tánaiste agus ag an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, agus ar an ‘Moladh Léiritheach’ atá ceangailte ar sampla léiritheach é de bhealach amháin a bhféadfaí pá maireachtála a chéimniú isteach.

Beidh an comhairliúchán seo mar bhonn eolais do na tograí atá beartaithe ag an Tánaiste agus ag an Aire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta a thabhairt os comhair an rialtais maidir le pá maireachtála a thabhairt isteach de réir a chéile.

Aighneachtaí

Tugann an doiciméad comhairliúcháin phoiblí thíos achoimre ar phrionsabail an chomhairliúcháin agus tá teimpléad ann freisin chun freagraí a thabhairt.

Ba cheart aighneachtaí a sheoladh trí ríomhphost chuig livingwage@enterprise.gov.ie

Is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí ná am scoir gnó Dé Céadaoin, an 17 Lúnasa 2022.

Comhairliúchán Poiblí ar Phá Maireachtála a thabhairt isteach de réir a chéile
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil
Pá Maireachtála a thabhairt isteach de réir a chéile – Moltaí Léiritheacha
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat