Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí maidir le struchtúir scaireanna ilvóta (Treoir (AE) 2024/2810)

Tá an Comhairliúchán dúnta

Tá an Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta ag lorg aighneachtaí chuig comhairliúchán poiblí maidir le trasuí na Treorach maidir le struchtúir scaireanna ilvóta do chuideachtaí atá ag iarraidh a scaireanna a thrádáil i margaí airgeadais áirithe (Treoir (AE) 2024/2810) i ndlí na hÉireann.

Tá sé mar aidhm ag an Treoir seo rochtain úinéirí FBManna ar mhaoiniú margaidh a éascú gan an smacht atá acu ar a gcuideachtaí a chur i mbaol. Ní mór é a thrasuí i ndlí na hÉireann faoin 4 Nollaig 2026.

Aighneachtaí

Fáiltíonn an Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta roimh aighneachtaí i gcoitinne ar an ábhar seo agus iarrtar ar fhreagróirí, ach go háirithe, díriú ar na ceisteanna sonracha in Aguisín 1.

Iarrtar ar fhreagróirí a n-aighneachtaí a dhéanamh trí ríomhphost. Ba cheart aighneachtaí a sheoladh trí ríomhphost chuig CLRUNIT@enterprise.gov.ie.

Is é an spriocdháta chun aighneachtaí a fháil ná 5pm Dé Luain, an 8 Meán Fómhair 2025.

Doiciméid

Comhairliúchán poiblí maidir le struchtúir scaireanna ilvóta (Treoir (AE) 2024/2810)
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat