Beartas Teanga i leith na Gaeilge
- Foilsithe: 21 Eanáir 2020
- An t-eolas is déanaí: 1 Márta 2024
Tá 3ú scéim Teanga ár Roinne don tréimhse 2019-2022 tar éis bheith ceadaithe ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Ullmhaíodh an Scéim de réir Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus tháinig sí i bhfeidhm ar an 18 Feabhra 2019.
Scéim na Gaeilge
Forbraíonn Scéim na Gaeilge 2019-2022 prionsabail ardchaighdeáin do chustaiméirí agus an tiomantas atá i gCairt Chustaiméara na Roinne a chinntiú go bhféadfaidh custaiméirí a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Leagann sé síos a mhéid is atá na seirbhísí ar fáil faoi láthair i nGaeilge, agus aithníonn sé na réimsí gur féidir iad a fheabhsú don todhchaí.
An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030
Leagann an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge síos cur chuige comhtháite don Ghaeilge, ina shonraítear 9 reimse beartas, ar a n-áirítear Oideachas, an Ghaeltacht, an Teaghlach, an Comhphobal, na Meáin Chumarsáide, an Teicneolaíocht, agus an Geilleagar. Tá beartais chuí na Straitéise á gcur i bhfeidhm ag na páirtithe leasmhara, ar a n-áirítear an Roinn seo.
- An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030: Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn 2010-2015
- An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030: Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn 2014
Má tá aon cheisteanna nó tuairimí agat, seol ríomhphost chugainn le do thoil, ag gaeilge@enterprise.gov.ie