Bailte Slachtmhara Supervalu – Bronnadh Na nGradam do Réigiún an Deiscirt Agus an Iarthair Láir

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Bailte Slachtmhara Supervalu – Bronnadh Na nGradam do Réigiún an Deiscirt Agus an Iarthair Láir

Bronnadh gradaim Bailte Slachtmhara Supervalu do Réigiún an Deiscirt agus an Iarthair Láir na bliana seo inniu, Dé hAoine an 6 Nollaig ag searmanas bronnta na nduaiseanna in Óstán Treacey's West County, Bóthar Luimnigh, Inis Co. an Chláir. Is é an tAire Stáit Pat Breen T.D., agus Michael Killoury, Bainisteoir Réigiúnach le Supervalu, atá ag déanamh urraíocht ar an gcomórtas le fada, a bhronn na gradaim ar Bhuaiteoirí Ghradaim Bailte Slachtmhara SuperValu. Bhí Siobhán King ó Fáilte Ireland ar an stáitse i gcuideachta an Aire chomh maith.

Ag an searmanas, labhair an tAire Breen TD faoi scéim deontais a fógraíodh le gairid a chuirfidh ar chumas coistí Bailte Slachtmhara iarratas a dhéanamh ar dheontas idir €1,000 agus €4,000. Dúirt an tAire Breen “Tá ríméad orm a bheith in ann freastal ar na gradaim thar ceann an Aire Ring agus cuirim fáilte freisin roimh an maoiniú deontais chun cuidiú le coistí ullmhú do chomórtas 2020.”

Dúirt an tAire Breen chomh maith "Le blianta fada, tá pobail ag obair go deonach le Bailte Slachtmhara chun áit a dhéanamh den tír seo a bhfuilimid go léir bródúil as. Tá an oiread measa agam ar na hoibrithe deonacha atá i láthair anseo anocht agus na hoibrithe eile ar fud na tíre, agus is aitheantas ón Rialtas í an scéim deontais seo ar an méid ollmhór a dhéanann bhur gcoistí gach bliain."

Dúirt an tAire Breen chomh maith: “Is iontach an rud é deis a bheith agam casadh le grúpaí Bailte Slachtmhara ó ar fud an Réigiún an Deiscirt agus an Iarthair Láir tráthnóna inniu. Níl sna gradaim seo ach beart beag den iarracht ar fad a dhéanann an t-iliomad oibrí deonacha atá mórtasach as a gcuid bailte agus a bhíonn ag obair gan stad lena gcuid comharsanachtaí a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos neamhdhíobhálaí don timpeallacht anois agus do na glúnta atá le teacht. Tugaimid aitheantas chomh maith do na grúpaí Bailte Slachtmhara eile nach bhfuil anseo inniu ach atá chomh díograiseach céanna d'fheabhas a chur ar a gcuid comharsanachtaí féin gach bliain ach nach bhfuil aitheantas foirmeálta bainte amach acu air sin i gcomórtas na bliana seo. Maith sibh as an obair ar fad a dhéanann sibh agus tá súil againn go mbeidh sibh anseo in éineacht linn an bhliain seo chugainn”.

Ghabh an tAire Breen buíochas chomh maith le príomhurraitheoir na mBailte Slachtmhara SuperValu. "Le 28 mbliana, tá an príomhurraitheoir, SuperValu páirteach sa gcomórtas seo ar bhonn áitiúil agus náisiúnta. Chuidigh SuperValu leis an gcomórtas a fhorbairt agus a fhás agus leanann de thiomantas ceart a léiriú a bheith ag tacú le pobail áitiúla agus d'oibrigh go dlúth le hoifigigh Roinne d'fhonn comórtas mór-ráchairte a dhéanamh dó sa lá atá inniu ann."

Dúirt Michael Killoury, Bainisteoir Réigiúnach SuperValu:

“Bliain mhór eile a bhí sa bhliain 2019 do Bhailte Slachtmhara SuperValu, mar gur ghlac an líon is mó coistí agus grúpaí páirt sa chomórtas i mbliana ná riamh. Tá clár na mBailte Slachtmhara fós ar an tionscnamh pobail agus inbhuanaithe is mó in Éirinn agus bíonn tionchar thar a bheith dearfach aige ar ár mbailte agus ar ár sráidbhailte ar fud na tíre".

Dúirt an tUasal Killoury chomh maith:

"Tá SuperValu thar a bheith mórtasach as a bheith ag déanamh urraíocht ar an gcomórtas Bailte Slachtmhara le beagnach 30 bliain anois. I rith na tréimhse sin, tá an fás agus an t-athrú atá tagtha ar an gcomórtas go dtí leibhéal nárbh fhéidir le haon duine a mheas feicthe againn dúinn féin. Le blianta beaga anuas, tá béim níos mó á cur ag comórtas Bailte Slachtmhara SuperValu de réir a chéile ar inbhuanaitheacht, bithéagsúlacht agus ar chaomhnú. Trí oibriú i gcomhar, táimid ag glacadh céimeanna tábhachtacha chun ár dtimpeallacht nádúrtha a chosaint anois agus amach anseo. Is féidir é seo ar fad a chur i gcrích tríd an tiomantas den scoth atá léirithe ag grúpaí Bailte Slachtmhara agus ag miondíoltóirí SuperValu ar fud na tíre. Bíonn tionchar thar a bheith dearfach ag an obair ar fad gan staonadh seo ar ár gcuid pobal".

Le blianta beaga anuas tá suim níos mó á léiriú i gcomórtas na mBailte Slachtmhara SuperValu agus chuir an líon pobal is mó riamh isteach ar an gcomórtas in 2019. Tá an comórtas ar siúl ó 1958 agus tá sé á eagrú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Tá SuperValu ag déanamh urraíochta ar an gcomórtas ó 1992.

Is é Inis i gCo. an Chláir a bhuaigh an teideal réigiúnach agus tá liosta iomlán de bhuaiteoirí duaiseanna an lae inniu ceangailte leis seo.

CRÍOCH

Teagmháil:

Preasoifig na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail

076-1006843 / 087-1734633

Gradaim do Réigiún an Réigiún an Deiscirt agus an Iarthair Láir

An Lárionad Uirbeach Mór is Slachtmhaire in Éirinn – urraithe ag Supervalu

Buaiteoir Contae Duais
Inis An Clár
An Lárionad Uirbeach Mór is Slachtmhaire in Éirinn

Gradam do Réigiún an Deiscirt agus an Iarthair Láir 2019 – urraithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail

Buaiteoir Contae Duais
Inis An Clár Gradam Réigiún an Deiscirt agus an Iarthair Láir

Bonnbhuaiteoir Réigiún an Deiscirt agus an Iarthair Láir 2019 – urraithe ag SuperValu

Buaiteoir Contae Duais
Baile an Chollaigh Corcaigh Bonn Óir
Cloich na Coillte Corcaigh Bonn Óir
Cóbh Corcaigh Bonn Óir
Inis Corcaigh Bonn Óir
Neidín Ciarraí Bonn Óir
Cill Airne Ciarraí Bonn Óir
Cill Rois An Clár Bonn Óir
Lios Tuathail Ciarraí Bonn Óir
Trá Lí Ciarraí Bonn Óir
Eochaill Corcaigh Bonn Óir
Áth Dara Luimneach Bonn Airgid
Beanntraí Corcaigh Bonn Airgid
Carraig Uí Leighin Corcaigh Bonn Airgid
Cúil an Ghabhann Corcaigh Bonn Airgid
Cionn tSáile Corcaigh Bonn Airgid
Ros Ó gCairbre Corcaigh Bonn Airgid
An Sciobairín Corcaigh Bonn Airgid
Ard Pádraig Luimneach Bonn Cré-umha
Béal an Dá Chab Corcaigh Bonn Cré-umha
Baile na Caillí An Clár Bonn Cré-umha
Baile Uí Bheacháin An Clár Bonn Cré-umha
Droichead na Bandan Corcaigh Bonn Cré-umha
Caisleán Uí Chonaill Luimneach Bonn Cré-umha
Baile Chaisleáin an Róistigh Corcaigh Bonn Cré-umha
Na hAoraí Corcaigh Bonn Cré-umha
An Gallbhaile Luimneach Bonn Cré-umha
Cill Briotáin Corcaigh Bonn Cré-umha
An Chois Ciarraí Bonn Cré-umha
Cathair Luimnigh Luimneach Bonn Cré-umha
Lios Leamháin Corcaigh Bonn Cré-umha
Maigh Chromtha Corcaigh Bonn Cré-umha
Sráid an Mhuilinn Corcaigh Bonn Cré-umha
Baile Uí Bheoláin An Clár Bonn Cré-umha
An Caisleán Nua Luimneach Bonn Cré-umha
An Caladh Ciarraí Bonn Cré-umha
Cuinche An Clár Bonn Cré-umha
Ráth an Bharraigh Corcaigh Bonn Cré-umha
An tSnaidhm Ciarraí Bonn Cré-umha
Tigh Molaige Corcaigh Bonn Cré-umha

Gradaim Chontae – urraithe ag Supervalu

Buaiteoir Contae Duais
Inis An Clár Gradam Contae
Cill Rois An Clár Molta go hArd
Baile na Caillí An Clár Molta
Rinn na Spáinneach An Clár Endeavour*
Cúil an Ghabhann Corcaigh Thuaidh Gradam Contae
Baile Chaisleáin an Róistigh Corcaigh Thuaidh Molta go hArd
Cill Uird Corcaigh Thuaidh Molta
Ceann Toirc Corcaigh Thuaidh Endeavour*
Baile an Chollaigh Corcaigh Theas Gradam Contae
Cóbh Corcaigh Theas Molta go hArd
Cill Briotáin Corcaigh Theas Molta
Ros Mhic Eoghain Corcaigh Theas Endeavour*
Cloich na Coillte Corcaigh Thiar Gradam Contae
Ros Ó gCairbre Corcaigh Thiar Molta go hArd
Ráth an Bharraigh Corcaigh Thiar Molta
Achadh Eochaille Corcaigh Thiar Endeavour*
Lios Tuathail Ciarraí Gradam Contae
Cill Airne Ciarraí Molta go hArd
Neidín Ciarraí Molta
An Tóchar Ciarraí Endeavour *
Áth Dara Luimneach Gradam Contae
An Gallbhaile Luimneach Molta go hArd
Ard Pádraig Luimneach Molta
Béal Átha Grean Luimneach Endeavour*

• Is iad buaiteoirí an Gradam Endeavour na hiontrálaithe i ngach contae a rinne an dul chun cinn is mó ar scór na bliana 2018

Gradaim Speisialta

Gradaim Scoile – urraithe ag Supervalu

Buaiteoir Contae Duais
Scoileanna Náisiúnta Inse & Gasóga Inse Inis Buaiteoir Réigiúnach

Gradam na Forbartha Inmharthana – urraithe ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil

Buaiteoir Contae Duais
An Gleanntán Corcaigh Tríú hÁit

An Gradam Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Cáilíochta Aeir – urraithe ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil

Buaiteoir Contae Duais
Coláiste Pobail Oileáin Chiarraí Ciarraí Comhbhuaiteoir Ghradam na hÓige
Cora Finne An Clár Comhbhuaiteoir Ghradam na hÓige
Inis An Clár Buaiteoir Baile/Ionad Uirbeach Mór

Gradam Pobal agus Uiscí – urraithe ag Iascach Intíre Éireann, Uiscebhealaí Éireann agus ag Clár Uiscí na nÚdarás Áitiúil

Buaiteoir Contae Duais
Cill Rois An Clár Molta go hArd
Cumann Caomhnaithe an Mhachaire Ciarraí Buaiteoir Réigiúnach

Gradam Pailneora an Údaráis Áitiúil – urraithe ag na hÚdaráis Áitiúla

Buaiteoir Contae Duais
An tSnaidhm Ciarraí Buaiteoir Réigiúnach na Catagóire Baile Beag
Inis An Clár Buaiteoir Réigiúnach Chatagóir na mBailte Móra

Gradam do Chosc ar Dhramhaíl - urraithe ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil

Buaiteoir Contae Duais
Tionscadal Zero Waste Bhailte Slachtmhara Chóbh Corcaigh Molta go hArd

Gradam na nOileán - urraithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

Buaiteoir Contae Duais
Inis Arcáin Corcaigh Molta go hArd
An tOileán Mór Corcaigh Buaiteoir Náisiúnta

Gradam Oidhreachta – Urraithe ag Comhairle Oidhreachta na hÉireann

Buaiteoir Contae Duais
Inis Díomáin An Clár Buaiteoir Náisiúnta

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat