Gaeltacht — funding allocations
- Foilsithe: 14 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2026
- ABAIR
- Céad Míle Fáilte
- Clár Tacaíochta Pobail agus Teanga
- Cur Chun Cinn na Gaeilge i measc Gnólachtaí Áitiúla
- eSTÓR
- Fighting Words
- Gael-Iomána
- Gaois
- Muintearas Teo
- Scáth-Eagraíocht na gcoláistí Gaeilge, CONCOS
- Scéim Intéirneachta Institiúidí na hEorpa
- Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge
- Scéim na gCúntóirí Teanga
- Ollscoil Mhá Nuad — TEG & tionscadail eile
- Teagasc na Gaeilge in ollscoileanna na hEorpa
ABAIR
Tionscadal ABAIR, Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide i gColáiste na Tríonóide
Tá ABAIR dírithe ar réimse teicneolaíochtaí urlabhra agus áiseanna teanga a fhorbairt agus a chur ar fáil do phobal na Gaeilge.
Cuireann suíomh gréasáin ABAIR.ie áiseanna oideachais ar fáil do mhúinteoirí agus d’fhoghlaimeoirí Gaeilge. Baintear úsáid as guthanna ABAIR agus acmhainní teangeolaíochta do shealbhú scileanna labhartha, scríofa, éisteachta agus léitheoireachta.
Céad Míle Fáilte
Dírítear ar na buntáistí a bhaineann pobail nua in Éirinn as an nGaeilge i gclár Céad Míle Fáilte – ó thaobh tábhacht na teanga de, ó thaobh na ndeiseanna breise a bhaineann léi agus ó thaobh comhtháthaithe i sochaí na hÉireann. Is é aidhm an fheachtais pobail nua in Éirinn a spreagadh chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid mar bhealach chun féiniúlacht Éireannach níos láidre a chothú dóibh féin. Reáchtálann Conradh na Gaeilge an clár seo le linn 2026 agus 2027.
Clár Tacaíochta Pobail agus Teanga
Clár Tacaíochta Pobail agus Teanga na Roinne, tacaíocht ar fáil do thrí chlub spóirt i gceantair Ghaeltachta i nDún na nGall.
Seo thíos briseadh síos ar na deontais éagsúla a ceadaíodh faoin fhógairt seo.
Cur Chun Cinn na Gaeilge i measc Gnólachtaí Áitiúla
Cuirtear tacaíocht ar fáil don phobal gnó i mBaile Átha Cliath, i gcontae na Gaillimhe, i gcontae Chill Dara, agus i gcontae Mhaigh Eo, ag spreagadh iad chun an Ghaeilge a úsáid agus iad ag soláthar táirgí agus seirbhísí don phobal.
eSTÓR
Bunaíodh eSTÓR chun áis lárnach náisiúnta a chur ar fáil inar féidir sonraí dátheangacha teanga ó chomhlachtaí poiblí – cosúil le cáipéisí dátheangacha Gaeilge/Béarla – a thiomsú agus a chomhroinnt.
Leis an tacaíocht airgeadais seo, beidh úsáideoirí an ardáin in ann leanúint ar aghaidh ag cur a n-acmhainní teanga ar fáil agus a chomhroinnt ar an tairseach náisiúnta, eStór. Rachaidh na hacmhainní sin chun tairbhe do Rialtas na hÉireann agus d’iarrachtaí forbartha meaisínaistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh, eTranslation.
Fighting Words
Cuireann an clár oibre atá beartaithe ag Fighting Words le húsáid na Gaeilge i measc daoine óga agus le húsáid na Gaeilge sa chóras oideachais – sna ceantair Ghaeltachta agus in ionaid eile thart timpeall na tíre. Leis na tionscadail scríbhneoireachta cruthaithí a reáchtálann siad as Gaeilge – agus cur chuige dearfach taitneamhach i bhfeidhm acu – cruthaíonn siad deiseanna chun an Ghaeilge a úsáid ar bhealaí nua agus suimiúla agus cothaíonn siad dearcthaí dearfacha i leith an teanga.
Gael-Iomána
Ceadaíodh deontas suas le €108,075 thar tréimhse 3 bliana do Bhord Oideachais & Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh & Liatroma anuraidh. Baineann an deontas le togra píolótach dar teideal Gael-Iomána a reáchtáil do dhaltaí idirbhliana in iar-bhunscoileanna Gaeltachta i Maigh Eo. Cuirfear clár foghlama Gaeilge ar fáil do na rannpháirtithe ina mbeidh Scileanna Múineadh Iomána, TEG Gaeilge B2, Léargas ar Bhia Folláin agus Taithí Oibre mar chuid de.
Gaois
Is acmhainní taighde agus tagartha den scoth iad na tionscadail atá forbartha ag Gaois, ina dtugtar áis chuimsitheach do phobal na Gaeilge atá dírithe ar acmhainní nuálaíocha a fhorbairt chun teanga agus saíocht na Gaeilge a chothú.
Leis an maoiniú seo beidh ar chumas Gaois comhtháthú níos doimhne a fhorbairt idir na suíomhanna, áiseanna cuardaigh níos cumhachtaí a chur ar fáil, agus soláthar eolais struchtúrtha ar bhealach tomhaiste a chinntiú do na samhlacha intleachta saorga. Chomh maith leis sin, déanfar meithleacha Gaois a fhorbairt; an chéad ghlúin eile de theicneoirí agus de thaighdeoirí a fhás; agus pobal úsáide na n-acmhainní a chothú.
Muintearas Teo
Is fochuideachta de chuid Údarás na Gaeltachta Muintearas Teo a bhfuil freagracht maidir le forbairt na hóige sa Ghaeltacht tugtha ag Údarás na Gaeltachta di le fada an lá. Tá Muintearas freagrach as tograí oiliúna, oideachais, óige agus luathoideachais a chur chun cinn, agus riaradh a dhéanamh ar Scéim na gCampaí Samhraidh agus ar Scéim na gCúntóirí Teanga don Roinn.
Faoi láthair tá 42 club óige cláraithe le Muintearas ag cur seirbhísí ar fáil do 1,534 duine óg ar fud na Gaeltachta.
Dé Máirt an 28 Deireadh Fómhair 2025, d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, go bhfuil allúntas suas le €493,509 ceadaithe anois do Mhuintearas Teo. chun seirbhísí óige a fhorbairt sna ceantair Ghaeltachta i 2026.
Scáth-Eagraíocht na gcoláistí Gaeilge, CONCOS
Ó bunaíodh é in 1968, tá CONCOS ag gníomhú mar scátheagraíocht d’earnáil na gcoláistí samhraidh. Cuireann siad seirbhísí comhairleacha ar fáil sa bhreis ar a gcuid oibre ag abhcóideacht ar son na hearnála.
Scéim Intéirneachta Institiúidí na hEorpa
Tacaíonn an clár seo go gníomhach le stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach, i gcomhréir le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, trí dheiseanna intéirneachta a chur ar fáil do chéimithe.
Sa scéim seo tugtar deis do dhaoine taithí a fháil ar an saol oibre san Eoraip, oiliúint a fháil sna haonaid Ghaeilge in institiúidí na hEorpa, agus a gcuid scileanna a fheabhsú chun seans níos fearr a thabhairt dóibh i gcomórtais earcaíochta amach anseo. Chomh maith leis sin, cabhraíonn intéirnigh le cineálacha éagsúla doiciméad a aistriú go Gaeilge don phobal.
- An Coimisiún Eorpach, an Bhruiséil (dhá intéirneacht)
- Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Bhruiséil
- Coiste na Réigiún, an Bhruiséil
- Parlaimint na hEorpa, Lucsamburg
- Cúirt Iniúchóirí, Lucsamburg
- Oifig na bhFoilseachán, Lucsamburg
Déanann an tIonad Barr Feabhais do Ghairmeacha san Aontas Eorpach an próiseas iarratais a riaradh.
Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge
Méadú maoinithe ar na fóirdheontais is iníoctha le teaghlaigh Ghaeltachta agus le coláistí cónaithe a sholáthraíonn lóistín do lucht freastail ar choláistí Gaeilge.
Gheobhaidh breis is 500 teaghlach ar fud na Gaeltachta atá cláraithe leis an Roinn faoin scéim leas as an méadú, le héifeacht ó thús chúrsaí samhraidh 2025 ar an 31 Bealtaine 2025.
Scéim na gCúntóirí Teanga
Beidh scoileanna Gaeilge i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i mbailte Líonra Gaeilge a aithníodh faoin bpróiseas pleanála teanga in ann leas a bhaint as cúntóir teanga mar chuid den phróiseas pleanála teanga.
Tá an scéim á bainistiú thar ceann na Roinne ag Muintearas i nDún na nGall agus i Réigiún an Iarthair, Oidhreacht Chorca Dhuibhne i Réigiún an Deiscirt, agus Glór na nGael sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge.
Ollscoil Mhá Nuad — TEG & tionscadail eile
Cuireadh maoiniú €3.143 mhilliún ar fáil do cheithre thionscadal straitéiseacha atá á riaradh ag Ollscoil Mhá Nuad do thréimhse 2025-26 go 2027-2028. Cheadaigh an tAire maoiniú €2,318,899 chun scrúduithe caighdeánaithe agus deimhniú TEG a sholáthar d’fhoghlaimeoirí agus d’úsáideoirí oilte na Gaeilge, ar mhaith leo dearbhú neamhspleách a fháil ar a gcumas teanga agus cáilíocht a bhaint amach a aithnítear go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
Teagasc na Gaeilge in ollscoileanna na hEorpa
Cuirtear maoiniú ar fáil faoin scéim seo do theagasc na Gaeilge in ollscoileanna ar Mhór-Roinn na hEorpa agus sa Ríocht Aontaithe.
Is iad aidhmeanna an chiste dea-thoil i leith na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn lasmuigh den Stát agus ardán a sholáthar chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga idirnáisiúnta agus í a shealbhú. Glactar le hiarratais faoin gciste seo ó institiúidí tríú leibhéal thar lear ar mhaith leo cúrsaí Gaeilge a chur ar fáil mar chuid dá gclár acadúil.