Treoir maidir le Promhadh Tuaithe
- Foilsithe: 24 Eanáir 2023
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2026
Is cur chuige é promhadh tuaithe lena ndéantar iarracht cinntiú go bhfuil dearcthaí agus tosaíochtaí tuaithe á bplé agus á dtabhairt san áireamh i bhforbairt beartais thábhachtacha rialtais. I ndiaidh taighde, inar breathnaíodh ar an eispéireas idirnáisiúnta, agus triail phíolótach inar cuireadh coincheapa promhaidh tuaithe i bhfeidhm san fhorbairt beartais, d’fhorbair an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Treoir maidir le Promhadh Tuaithe don Lucht Déanta Beartais chun cabhrú leo smaointiú faoin chomhthéacs tuaithe agus beartais á bhforbairt acu.
Tá Tuarascáil ar Phromhadh Tuaithe ar fáil thíos, ina leagtar amach príomhthorthaí an taighde agus an méid a foghlaimíodh ón triail phíolótach, an Treoir maidir le Promhadh Tuaithe agus cás-staidéir faoin phromhadh tuaithe.
Tuarascáil ar Phromhadh Tuaithe
Treoir maidir le Promhadh Tuaithe don Lucht Déanta Beartais
Cás-Staidéir ar Phromhadh Tuaithe
Is féidir rochtain a fháil ar an tuarascáil iomlán faoin taighde arna choimisiúnú ag an Roinn tríd an chnaipe anseo