Cúlra na CFPÁnna

Cuardaigh ar fad gov.ie

Bailiúcháin

Cúlra na CFPÁnna

Faoi na Coistí Forbartha Pobail Áitiúla (CFPÁnna)

Foilsíodh Tús Áite do na Daoine - Clár Gníomhaíochta um Rialtas Áitiúil Éifeachtach i mí Dheireadh Fómhair 2012.

Moladh sa tuarascáil seo go dtabharfar CFPÁnna isteach i ngach ceantar údaráis áitiúil chun feabhas a chur ar fhorbairt pobail agus ról níos lárnaí a thabhairt do rialtas áitiúil i bhforbairt áitiúil agus pobail.

Tá na CFPÁnna freagrach as:

  • comhordú, pleanáil agus maoirseacht ar mhaoiniú forbartha pobail agus áitiúil
  • cur chuige níos comhtháite a thabhairt isteach i leith reáchtáil clár agus idirghabhálacha forbartha áitiúil agus pobail.
  • cur chuige comhtháite a ghlacadh i leith seirbhís phobail atá bunaithe thar soláthróirí agus struchtúir sheachadta
  • díospóireacht fhiúntach saoránach agus phobail a chur chun cinn i bpleanáil agus i meastóireacht cláir forbartha
  • tabhairt faoi riarachán cláir forbartha pobail agus áitiúla agus struchtúir seachadta atá níos éifeachtaí ó thaobh costais
  • acmhainní a mheaitseáil le tosaíochtaí
  • luach ar airgead a chinntiú ó thaobh bainistíochta agus seachadadh clár
  • díriú ar fhoghlaim agus ar aiseolas, agus ar fheabhas a chur ar naisc idir seachadadh seirbhíse agus forbairt beartais
  • deiseanna a thapú ó thaobh maoiniú breise don cheantar, cibé Státchiste, AE, príobháideach nó foinsí eile

Aimsigh do Choiste Forbartha Pobail Áitiúil (CFPÁ)

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat