Comhairliúcháin Phoiblí: Ár dTodhchaí Tuaithe
- Foilsithe: 14 Samhain 2025
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 14 Samhain 2025
- dúnadh na haighneachtaí: 12 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 14 Samhain 2025
Tá an Comhairliúchán ar oscailt
Tá an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, i ndiaidh comhairliúchán poiblí a sheoladh chun tuilleadh eolais a dhéanamh d’fhorbairt an chéad leagan eile de Bheartas Forbartha Tuaithe na hÉireann, Ár dTodhchaí Thuaithe.
Tugadh próiseas cuimsitheach comhairliúcháin i gcrích cheana, inar bailíodh tuairimí ó gheallsealbhóirí agus pobail ó fud fad na tíre faoi na ceisteanna is tábhachtaí do cheantair thuaithe na hÉireann agus dóibh siúd atá ina gcónaí iontu.
Cuireadh tús leis an chomhairliúchán i mí an Mhárta le suirbhé ar líne, agus ina dhiaidh sin reáchtáladh sraith d’ocht n-imeacht do gheallsealbhóirí agus an pobal ar fud na tíre agus ar líne. Tharla cruinnithe déthaobhacha le geallsealbhóirí tábhachtacha, grúpaí ionadaíocha, Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí freisin.
Leis an eolas a bailíodh ón rannpháirtíocht chuimsitheach atá déanta cheana, agus chun cur leis an dul chun cinn a baineadh amach go dtí seo, tá muid ag fáiltiú romhat do dhearcthaí ar an dreácht-fhís, agus ar na téamaí agus tosaíochtaí atá beartaithe don bheartas nua, a roinnt.
Tá siad seo le feiceáil i ndoiciméad comhairliúcháin atá ar fáil anseo:
Ba mhaith linn go mbreathnófá ar an doiciméad seo agus go dtabharfá aiseolas ar na ceisteanna comhairliúcháin atá ann.
Cuir d’aighneacht isteach trí ríomhphost go: rural.consultation@drcdg.gov.ie le “Comhairliúchán Ár dTodhchaí Thuaithe” sa teideal, le do thoil.
Mar mhalairt air sin, is féidir d’aighneacht a chur isteach trí phost go:
Comhairliúchán Ár dTodhchaí Thuaithe
An tAonad Straitéise Tuaithe
An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta
Sráid an tSrutháin,
Béal an Átha,
Co Mhaigh Eo,
F26 E8N6
Tá an comhairliúchán seo ar oscailt go 12 Nollaig 2025.
Leis an aiseolas a bhaileofar, cinnteofar go mbeidh an chéad leagan eile de Ár dTodhchaí Thuaithe fréamhaithe in eispéiris, uaillmhianta agus smaointe na bpobal tuaithe féin.
Moltar do na freagróirí go bhfuil sé beartaithe go bhfoilseofar gach aighneacht ar líne i ndiaidh an chomhairliúcháin.
Tá an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, agus reachtaíocht Cosanta Sonraí. Níor cheart eolas atá pearsanta, faoi rún, nó íogair ó thaobh tráchtála a bheith san áireamh i d’aighneacht, agus glacfar leis gur féidir scaoileadh leis an eolas ar fad atá i d’aighneacht faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.