Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

An Binse Achomhairc do Charthanais

Is comhlacht reachtúil é an Binse Achomhairc do Charthanais a bunaíodh le héifeacht ón 1 Lúnasa 2016.

Is é feidhm an bhinse ná éisteacht le hachomhairc i gcoinne cinntí áirithe de chuid an Rialtóra Carthanas, agus breithiúnas a thabhairt orthu, faoi Alt 45 den Acht um Charthanais 2009. Tá an Binse neamhspleách agus é i mbun a chuid feidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh.

Foráiltear le hAlt 79 den Acht um Charthanais gur féidir leis an mbinse a rialacha nós imeachta féin a dhéanamh (le ceadú ón Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta).

Soláthraíonn an Roinn tacaíocht rúnaíochta don Bhinse Achomhairc.

Rialacha 2018 maidir leis an mBinse Achomhairc do Charthanais (an tAcht um Charthanais 2009), I.R. Uimh. 209 de 2018.

An Binse Achomhairc do Charthanais

  • Patrick O’Connor – Cathaoirleach
  • Bill Holohan
  • Karen Horgan
  • Nuala E. Dockry
  • Susan Ahern

________________________________________

Chun achomharc a thaisceadh i gcoinne cinneadh de chuid an Rialtóra Carthanas, íoslódáil an fhoirm iarratais thíos.

Foirm Iarratais ar an mBinse Achomhairc do Charthanais
Foirm iarratais chun gearán a chur faoi bhráid an Bhinse Achomhairc do Charthanais.
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Is féidir teacht ar gach cinneadh agus fógra ón mBinse Achomhairc do Charthanais anseo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat