An Brainse Logainmneacha
- Foilsithe: 2 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 13 Eanáir 2026
Déanann an Brainse Logainmneacha taighde ar logainmneacha riaracháin na hÉireann, in éineacht le hainmneacha geografacha eile atá le feiceáil ar léarscáileanna de chuid Thailte Éireann, chun leaganacha údarásacha Gaeilge díobh a chur ar fáil le haghaidh úsáid oifigiúil agus phoiblí. Tugtar stádas dlíthiúil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (arna leasú in 2021) do na foirmeacha Gaeilge a mholann an Brainse in orduithe logainmneacha a dhéanann an tAire le freagracht as Gnóthaí Gaeltachta, i ndiaidh dó comhairle an Bhrainse Logainmneacha a fháil agus machnamh a dhéanamh uirthi. (De ghnáth, le horduithe logainmneacha dearbhaítear leaganacha Gaeilge d’ainmneacha gach aonaid riaracháin i gcontae áirithe – bailte fearainn, paróistí sibhialta, barúntachtaí, toghranna – in éineacht le rogha ainmneacha geografacha eile.) Déanann an Coiste Logainmneacha measúnú ar mholtaí an Bhrainse Logainmneacha agus foilsíonn siad dréachtorduithe logainmneacha i gcomhair tréimhse comhairliúcháin phoiblí sula dtugann siad a gcomhairle féin. Roimh 2012, chuireadh an Coimisiún Logainmneacha comhairle ar an Aire. Bunaíodh an Coiste Logainmneacha in ionad an Choimisiúin Logainmneacha ar an 19 Meán Fómhair 2013.
Bunachar Logainmneacha na hÉireann
Foilsítear na leaganacha Gaeilge de logainmneacha a dheimhníonn an Brainse Logainmneacha ar an suíomh gréasáin Bunachar Logainmneacha na hÉireann www.logainm.ie. Tá an bunachar sonraí seo atá cruthaithe ag Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha, ina áis chuimsitheach bhainistíochta chun sonraí logainmneacha agus taifid chartlainne a riar mar aon leis an taighde logainmneacha a dhéanann an Stát.
Murar féidir leat leagan Gaeilge de logainm Béarla a aimsiú ar an suíomh gréasáin ag www.logainm.ie, is féidir leat é a iarraidh ón mBrainse Logainmneacha, ach ríomhphost a chur chuig logainmneacha@chg.gov.ie