Comhlachtaí atá faoi Choimirce
- Foilsithe: 29 Samhain 2018
- An t-eolas is déanaí: 9 Deireadh Fómhair 2025
- Réamhrá
- Coimisiún Forbartha an Iarthair
- Údarás na Gaeltachta
- Foras na Gaeilge
- Gníomhaireacht na hUltaise
- Oifig an Choimisinéara Teanga
- Pobal
- Sábháilteacht Uisce na hÉireann
- An Rialtóir Carthanais
- An Binse Achomhairc do Charthanais
Réamhrá
De réir Chód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú na bliana 2016 agus ar mhaithe le dea-rialachas san earnáil phoiblí, tá gach comhlacht stáit faoi réir ag maoirseacht agus ag cuntasacht ar mhaithe lena chinntiú go bhfuil socruithe rialachais atá láidir agus éifeachtach i bhfeidhm i gcomhlachtaí stáit atá faoina choimirce.
Tá cúig chomhlacht faoi choimirce na roinne seo:
Coimisiún Forbartha an Iarthair
Is comhlacht reachtúil é Coimisiún Forbartha an Iarthair (WDC) a bunaíodh chun forbairt sóisialta agus eacnamaíochta réigiún an iarthair (Dún na nGall, Liatroim, Sligeach, Maigh Eo, Ros Comáin, Gaillimh agus an Clár) a chur chun cinn.
Cinntíonn sé go bhfuil beartais rialtais dírithe ar fheabhas a chur ar an staid sóisialta agus eacnamaíochta sa réigiún, trí thacaíocht a thabhairt do thionscadail i líon leathan earnálacha. Déanann sé bainistíocht freisin ar Chiste Infheistíochta an WDC le hiasachtaí agus cothromas a chur ar fáil do ghnólachtaí agus do phobail áitiúla san Iarthar.
Údarás na Gaeltachta
Tá sé mar phríomhchúram ar Údarás na Gaeltachta geilleagar na Gaeltachta a fhorbairt chun caomhnú agus saibhriú na Gaeilge mar phríomhtheanga inti a threisiú. Lena chuspóirí a bhaint amach, leanann Údarás na Gaeltachta, a bunaíodh i 1980, aidhmeanna straitéiseacha sna réimsí forbartha tionscail, forbartha réigiúnaigh agus forbartha acmhainní daonna. Tá an tÚdarás bainteach chomh maith le gníomhaíochtaí forbartha pobail, cultúrtha agus teanga.
Foras na Gaeilge
Tá sé mar chuspóir ag Foras na Gaeilge an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileánda, lena n-áirítear róil maidir le hoideachas, foclóirí, téarmaíocht agus foilsitheoireacht. Tá a phríomhoifig i mBaile Átha Cliath agus tá fo-oifigí aige i lár chathair Bhéal Feirste, i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall agus i Ráth Chairn, Co. na Mí.
Gníomhaireacht na hUltaise
Tá Gníomhaireacht na hUltaise freagrach as múscailt feasachta agus úsáid na hUltaise agus saincheisteanna cultúrtha na hUltaise a chur chun cinn, laistigh de Thuaisceart Éireann agus ar fud an oileáin. Tá a príomhoifig ag an nGníomhaireacht i mBéal Feirste agus tá fo-oifig aici i Ráth Bhoth, Co. Dhún na nGall.
Oifig an Choimisinéara Teanga
Feidhmíonn Oifig an Choimisinéara Teanga, a bunaíodh sa bhliain 2004, mar sheirbhís ombudsman agus mar ghníomhaireacht géilliúlachta i dtaca le seirbhísí stáit trí Ghaeilge.
Pobal
Tá sé mar phríomhchúram ar Údarás na Gaeltachta geilleagar na Gaeltachta a fhorbairt chun caomhnú agus saibhriú na Gaeilge mar phríomhtheanga inti a threisiú. Lena chuspóirí a bhaint amach, leanann Údarás na Gaeltachta, a bunaíodh i 1980, aidhmeanna straitéiseacha sna réimsí forbartha tionscail, forbartha réigiúnaigh agus forbartha acmhainní daonna. Tá an tÚdarás bainteach chomh maith le gníomhaíochtaí forbartha pobail, cultúrtha agus teanga.
Sábháilteacht Uisce na hÉireann
Tá sé mar chuspóir ag Foras na Gaeilge an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileánda, lena n-áirítear róil maidir le hoideachas, foclóirí, téarmaíocht agus foilsitheoireacht. Tá a phríomhoifig i mBaile Átha Cliath agus tá fo-oifigí aige i lár chathair Bhéal Feirste, i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall agus i Ráth Chairn, Co. na Mí.
An Rialtóir Carthanais
Tá Gníomhaireacht na hUltaise freagrach as múscailt feasachta agus úsáid na hUltaise agus saincheisteanna cultúrtha na hUltaise a chur chun cinn, laistigh de Thuaisceart Éireann agus ar fud an oileáin. Tá a príomhoifig ag an nGníomhaireacht i mBéal Feirste agus tá fo-oifig aici i Ráth Bhoth, Co. Dhún na nGall.
An Binse Achomhairc do Charthanais
Feidhmíonn Oifig an Choimisinéara Teanga, a bunaíodh sa bhliain 2004, mar sheirbhís ombudsman agus mar ghníomhaireacht géilliúlachta i dtaca le seirbhísí stáit trí Ghaeilge.
Oibríonn Pobal Pobal thar ceann an rialtais le líon clár a fhaigheann maoiniú poiblí a bhainistiú agus a chur i bhfeidhm atá leagtha amach le feabhas a chur ar thorthaí do phobail áitiúla, go háirithe iad sin atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta agus eacnamaíochta.
Cuireann an roinn maoirseacht agus tacaíocht ar fáil do Shábháilteacht Uisce na hÉireann ina mhisean le líon na mbásanna de bharr a mbáite a laghdú, trí chur le bearta oideachais, treoir agus tuiscint an phobail.
Is é/í an An Rialtóir Carthanais Rialtóir Carthanais rialtóir reachtúil náisiúnta na hÉireann d’eagraíochtaí carthanais.
Coimeádtar clár poiblí de na heagraíochtaí carthanais go léir in Éirinn agus cinntítear a gcomhlíonadh reachtúil. Cuireann sé/sí sár-chleachtas chun cinn san earnáil charthanais agus tacaíonn leis.
Is comhlacht reachtúil atá sa Bhinse Achomhairc do Charthanais a bunaíodh le héifeacht ón 1 Lúnasa 2016. Ar fheidhmeanna an bhinse tá achomhairc in aghaidh cinntí áirithe an Rialtóra Carthanais a éisteacht agus breith a thabhairt orthu, faoi Alt 45 den Acht Carthanas 2009. Tá an binse neamhspleách ó thaobh a chuid feidhmeanna reachtúla a fheidhmiú. Tháinig rialacha an bhinse i bhfeidhm ar an 4 Iúil 2018.
Ceapacháin a dhéanamh ar bhoird stáit
Féach anseo chun an liosta de chomhaltaí Boird Stáit atá faoi choimirce na roinne a fháil.