An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Líonraí Rannpháirtíochta Pobail
An bhfuil tú i do bhall de ghrúpa pobail nó deonach?
Tugaimid cuireadh do ghrúpaí pobail agus deonacha ar fud na tíre páirt a ghalcadh ina Líonra Rannpháirtíochta Poiblí áitiúil. Tacaíonn an Líonra le grúpaí áitiúla chun tionchar a imirt ar chinnteoireacht níos fearr ina bpobail trí iad a nascadh leis an údarás áitiúil. Féach ar ár bhfíseán gairid chun tuilleadh eolais a fháil!
Eolas faoi Líonraí Rannpháirtíochta Poiblí
Cuireann an Líonra Rannpháirtíochta Poiblí ar chumas údarás áitiúil nascadh le grúpaí pobail ar fud na tíre.
Is é an Líonra seo an príomhphointe teagmhála do gach údarás áitiúil ar mhian leis leas a bhaint as saineolas pobail agus deonach ina cheantar féin.
Conas a Oibríonn Líonraí Rannpháirtíochta Poiblí
Cláraíonn grúpaí pobail chun páirt a ghlacadh sa Líonra ina gceantar údaráis áitiúil.
Sna Líonraí seo, tugtar deis níos fearr do shaoránaigh tionchar a imirt ar chinntí an rialtais áitiúil a théann i bhfeidhm ar a bpobail féin.
Neartaítear ár ndaonlathas trí chead a thabhairt machnamh a dhéanamh ar thuairimí agus ar leasanna éagsúla mar chuid de phróiseas cinnteoireachta an rialtais áitiúil.
Grúpaí Pobail
Seo a leanas na trí phríomhghrúpa pobail:
- grúpaí deonacha a oibríonn inár bpobail, amhail clubanna spóirt, cumainn chultúir, Béilí ar Rothaí nó Bailte Slachtmhara
- eagraíochtaí áitiúla a bunaíodh chun an comhshaol a chosaint, amhail An Taisce nó Cairde Éanlaith Éireann
- grúpaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine atá eisiata go sóisialta agus nach gcloistear a nglórtha inár sochaí, amhail daoine faoi mhíchumas, imircigh nó Taistealaithe
Lean an nuacht is déanaí ó na Líonraí Rannpháirtíochta Poiblí ar na meáin shóisialta ag baint úsáide as #LíonraíRannpháirtíochtaPoiblí agus #TodhchaíNíosFearrAThógáil.
Sonraí Teagmhála Líonraí Rannpháirtíochta Poiblí
Each of Ireland’s 31 local authority areas has a PPN
Déan Teagmháil linn
Is féidir aon cheist faoin gCiste Feabhsaithe Áitiúil a sheoladh i ríomhphost chuig PPN@drcdg.gov.ie
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí: