Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Aistritheoirí Óga

Eagraíonn an Coimisiún Eorpach i gcomhar leis an Roinn an comórtas aistriúcháin, Aistritheoirí Óga. Tá an comórtas oscailte do dhaltaí ar fud na hÉireann a raibh 15 bliana acu an 1 Meán Fómhair (den bliain acadúil reatha) agus a bhfuil sé de chumas iontu aistriúchán a dhéanamh ó Bhéarla go Gaeilge, nó ó cheann de 5 theanga Eorpacha eile go Gaeilge.

Tá trí sprioc ag an gcomórtas: ardchaighdeán Gaeilge a chur chun cinn, ilteangachas a spreagadh i measc daltaí meánscoile agus spéis daltaí i ngairmeacha teanga a mhúscailt.

Sé chatagóir atá sa chomórtas: duais don aistriúchán is fearr ó Bhéarla as gach cúige, mórdhuais don aistriúchán is fearr as oileán na hÉireann ar fad agus duais don duine a rinne an t-aistriúchán is fearr ó theanga seachas an Béarla.

Tá tuilleadh eolais faoin gcomórtas, an próiseas clárúcháin agus rialacha an Chomórtais le fáil anseo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat