An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge
- Foilsithe: 9 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 21 Eanáir 2026
- An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge
- Na Mór-théamaí Straitéiseacha
- Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028
- Naisc Ábhartha Eile
An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge
Is plean straitéiseach, uaillmhianach 6-bliana atá sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030.
Is é seo an chéad Phlean dá leithéid riamh i stair an Stáit agus is gné lárnach a bheidh ann sa bhogadh i dtreo seirbhís phoiblí iomlán dhátheangach faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021.
Tá sé mar aidhm go bhfeidhmeoidh an Plean Náisiúnta seo, atá bunaithe ar chúig théama straitéiseach ar leith, mar threochlár do chomhlachtaí poiblí ó thaobh líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí Gaeilge a chuireann siad ar fáil a mhéadú agus a fheabhsú ar bhonn córasach. Tabharfaidh sé conair freisin chun líon na foirne atá inniúil i nGaeilge a mhéadú chun soláthar na seirbhísí seo a éascú, i ndáil le sprioc earcaíochta an Achta i.e. go mbeidh 20% d’earcaigh chuig an earnáil phoiblí inniúil i nGaeilge faoi 31 Nollaig 2030.
Tacófar leis an bPlean Náisiúnta seo le dhá Phlean Gníomhaíochta gaolmhara – a chlúdóidh an chéad cheann acu an tréimhse 2026-2028 (tuilleadh eolais faoi seo thíos).
Táthar ag obair ar dhátaí a leagan síos i leith seirbhísí agus oifigí Gaeltachta chomh maith i láthair na huaire i ndáil le hAlt 18E. Beidh tuilleadh fúthu seo in am tráth.
Is ar an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, a bunaíodh faoin Acht, a thit an ollfhreagracht an Plean seo a ullmhú, le hionadaíocht ag leibhéal sinsearach ag réimse leathan d’eagraíochtaí trasna na hearnála poiblí air.
Na Mór-théamaí Straitéiseacha
Mór-Théama Straitéiseach 1 - Tioscnaimh Leathana & Neartú Struchtúir Reatha
Mór-Théama Straitéiseach 2 - Soláthar Seirbhísí Poiblí trí Ghaeilge
Mór-Théama Straitéiseach 3 - Teicneolaíocht
Mór-Théama Straitéiseach 4 - Oiliúnt, Earcaíocht & Inniúlacht Teanga
Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028
Is é an Plean Gníomhaíochta seo an chéad cheann de dhá cheann a foilseofar chun tacú leis an bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030. Leagtar amach ann na gníomhartha sonracha atá le déanamh idir 2026 agus 2028 agus féachtar le cur chuige iomlánaíoch, intomhaiste agus praiticiúil a ghlacadh i leith chur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta faoina chúig théama straitéiseacha. Bhí comhairliúchán agus rannpháirtíocht fhairsing i gceist le hullmhú an Phlean Gníomhaíochta seo ar fud an Rialtais agus níos faide i gcéin – go háirithe a mhéid a bhaineann sé le croí-sheirbhísí poiblí agus le ceantair Ghaeltachta.