Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Bailte Seirbhíse Gaeltachta

Tar éis próiseas comhairliúcháin a eagrú ar an ábhar seo i samhradh 2014, seo a leanas an liosta bailte a d’fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna bailte éagsúla i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga forordaithe faoi Acht na Gaeltachta.

Contae
Baile
Dún na nGall
Leitir Ceanainn, An Clochán Liath agus Baile Dhún na nGall
Maigh Eo
Béal an Mhuirthead, Baile an Róba agus Caisleán an Bharraigh
Gaillimh
Cathair na Gaillimhe agus An Clochán
Ciarraí
Daingean Uí Chúis, Trá Lí agus Cathair Saidhbhín
Corcaigh
Cathair Chorcaí agus Maigh Chromtha
Port Láirge
Dún Garbhán
An Mhí
Baile Átha Buí agus An Uaimh

Tá 9 phlean ceadaithe agus tá Orduithe sínithe i leith 7 cinn acu.

Féach cóip de na hOrduithe anseo:

Cathair Saidhbhín
An Clochán

Ceisteanna Coitianta faoi Bhailte Seirbhíse Gaeltachta

Is mór an tionchar cultúrtha agus geilleagrach a imríonn an Ghaeltacht ar na bailte a dhéanann freastal uirthi. Bíonn tionchar suntasach chomh maith céanna ag na bailte sin ar an nGaeltacht féin. Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tugtar Bailte Seirbhíse Gaeltachta ar na bailte sin atá suite i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta nó taobh leo agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do na limistéir sin. Tá 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta aitheanta chun críche an Achta.

Chomh fada is a bhaineann sé leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta, is é cuspóir Acht na Gaeltachta féachaint conas is féidir an tionchar dearfach atá na bailte seo in ann a imirt ar an nGaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht a chothú agus a threisiú.

Leagtar síos faoin Acht an próiseas faoina bhféadfaí aitheantas a bhaint amach mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. Ní foláir don bhaile:

  • a bheith suite i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta nó taobh leis;
  • daonra de 1,000 duine ar a laghad a bheith ann, de réir an daonáirimh is deireanaí;
  • ról suntasach a bheith á imirt maidir le seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do phobal na Gaeltachta; agus
  • tionchar suntasach agus dearfach a bheith á imirt dá réir ar stádas na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa cheantar Gaeltachta lena mbaineann sé.

Ina theannta sin, caithfidh eagraíocht atá gníomhach sa bhaile a bheith roghnaithe chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga atá forordaithe faoin Acht.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat