Athbhreithniú an ECFE ar Fhorbairt Tuaithe in Éirinn

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Athbhreithniú an ECFE ar Fhorbairt Tuaithe in Éirinn

Chun tacú le forbairt an leagain nua de bheartas Ár dTodhchaí Thuaithe, rinne an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta conradh leis an ECFE chun tabhairt faoi athbhreithniú ar bheartas forbartha tuaithe in Éirinn.

Bhí de chúram ag an Athbhreithniú anailís neamhspleách a raibh aitheantas idirnáisiúnta uirthi a chur ar fáil ar phríomhthreochtaí, dúshláin, agus deiseanna féideartha san fhorbairt tuaithe lena dtacófar le forbairt beartais tuaithe atá ag amharc chun cinn.

San athbhreithniú, a foilsíodh ar an 16 Feabhra 2026, tá dearcthaí ranna Rialtais, agus geallsealbhóirí náisiúnta agus áitiúla, lena léirítear gurb iomaí earnáil a bhaineann leis an fhorbairt tuaithe, agus lena gcuirtear sraith moltaí ar fáil a bheidh ina hábhar machnaimh i bhforbairt beartais amach anseo.

Eagraíocht idir-rialtais í an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíoch (ECFE), a bhfuil de chúram acu anailís a dhéanamh ar bheartais, obair a dhéanamh chun dúshláin éagsúla tuaithe a chomhrac, geilleagair a neartú, tacaíocht a thabhairt do chónaitheoirí agus treoir a thabhairt do rialtais agus iad ag cur beartais forbartha tuaithe éifeachtúla i bhfeidhm.

Tá tuarascáil deiridh an ECFE le feiceáil anseo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat