Líonra Institiúidí Ard-Oideachais Ár dTodhchaí Thuaithe
- Foilsithe: 26 Eanáir 2023
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2026
Líonra Institiúidí Ard-Oideachais agus Taighde Ár dTodhchaí Thuaithe
In 2021, d’fhoilsigh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail Heather Humphreys TD Ár dTodhchaí Thuaithe, beartas forbartha tuaithe na hÉireann do 2021-2025. Tá mar aidhm leis an Bheartas tacú le forbairt inbhuanaithe cheantair thuaithe na hÉireann, agus aitheantas á thabhairt go bhfuil páirt lárnach ag forbairt eacnamaíoch, sóisialta, chultúrtha agus chomhshaoil ceantar tuaithe i dtéarnamh agus leas náisiúnta na hÉireann.
Aithnítear le Ár dTodhchaí Thuaithe go bhfuil ról ríthábhachtach ag Institiúidí Ard-Oideachais na hÉireann (IAOnna) agus eagraíochtaí eile ó thaobh borradh a chur faoi thaighde i réimse na forbartha tuaithe inbhuanaithe, agus ó thaobh eolas a dhéanamh do bheartas poiblí le fianaise agus taighde. In 2021, chur RFTP tús le Líonra Institiúidí Ard-Oideachais agus Taighde Ár dTodhchaí Thuaithe (an Líonra) chun feabhas a chur ar chomhar idir IAOnna, eagraíochtaí taighde agus an rialtas, agus le cinntiú go leantar de bheith ag déanamh eolais do Ár dTodhchaí Thuaithe leis an taighde is úire atá ag tarlú sna IAOnna agus eagraíochtaí taighde ar fud na tíre.
Chruinnigh an Líonra, ar foras comhairliúcháin é go príomha, den chéad uair ar an 5 Deireadh Fómhair 2021 agus leanfaidh sé de bheith ag cruinniú dhá uair sa bhliain. D’óstáil Coláiste na hOllscoile, Corcaigh an tríú cruinniú, ar an láthair, ar an 6 Deireadh Fómhair 2022.
Miontuairiscí Chruinnithe an Líonra IAO
Cur i Láthair Póstaeir Taighde um Fhorbairt Tuaithe
D’óstáil Rialtas na hÉireann an 13ú Comhdháil um Fhorbairt Tuaithe de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) ar an 28-30 Meán Fómhair 2022, ar fóram idirnáisiúnta iomráiteach beartais agus polaitiúil é do bhallstáit an ECFE chun forbairt tuaithe a phlé ar bhealach iomlánaíoch.
Ba é téama na comhdhála ná ‘Áiteanna Tuaithe Inbhuanaithe Acmhainneacha Bríomhara a Thógáil’, agus bhí breis is 350 toscaire i láthair ann, lena n-áiríodh Airí agus baill den lucht déanta beartais ó bhallstáit agus tíortha comhpháirtíochta eile de chuid an ECFE, in éineacht le cleachtóirí ó leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, saineolaithe idirnáisiúnta agus ionadaithe ón earnáil phríobháideach agus ón tsochaí shibhialta.