Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tionscadail Phíolótacha Daonchairdis Áitbhunait

Seoladh Polasaí Náisiúnta Daonchairdis na hÉireann 2024-2028 ar an 13 Nollaig 2023. Is é cuspóir an Pholasaí seo ná tuiscint agus eolas a dhoimhniú, timpeallacht chumasaithe a chruthú agus dlús a chur le rannpháirtíocht leis an daonchairdeas in Éirinn, ar mhaithe le leas sóisialta. Tá 21 ghníomh sa pholasaí, atá roinnte idir na gnéithe seo a leanas: cumarsáid agus méadú feasachta; sonraí agus taighde; daonchairdeas a spreagadh agus a dhreasú; comhpháirtíocht rialtais agus earnála; agus neartú inniúlachta.

Is é atá mar aidhm ag Gairm 2025 ar Thionscadail Phíolótacha Daonchairdis Áitbhunaithe ná maoiniú a chur ar fáil i gcomhair tionscadail chómhaoinithe a théann i ngleic le riachtanas nó dúshlán áitiúil, a bhfuil comhpháirtí daonchairdiúil deimhnithe acu agus ar féidir leo rannpháirtíocht phobail, comhar trasearnála agus torthaí inbhuanaithe a léiriú.

Ní mór iarratais ar an ghairm seo a bheith faoi stiúir ag eagraíocht forbartha pobail, nó grúpa pobalbhunaithe a bhfuil comhpháirtí maoinithe daonchairdiúil deimhnithe acu.

D’oscail an ghairm mhaoinithe ar thionscadail phíolótacha daonchairdis áitbhunaithe ar an 16ú Bealtaine 2025 agus dhruid sé ag a 12in ar an 16ú Meitheamh 2025.

Níltear ag glacadh le hiarratais faoin ghairm seo a thuilleadh.

Iarrthóirí a d’éirigh leo in 2025

I Lúnasa 2025, fógraíodh maoiniú de €944,585 chun 9 dtionscadal a thabhairt i gcrích ar fud na tíre.

Beidh le feiceáil sna tionscadail seo conas ar féidir le lucht an daonchairdis, an Rialtas agus pobail oibriú le chéile chun tionscnaimh phobalbhunaithe a thabhairt i gcrích le dul i ngleic le dúshláin áitiúla.

Is féidir teacht ar shonraí faoi na tionscadail a d’éirigh leo thíos:

Tionscadail Rathúla Daonchairdis Áit Bhunaithe 2025
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat