An Tionól Óige Tuaithe
- Foilsithe: 6 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 17 Aibreán 2026
Is gealltanas é an Tionól Óige Tuaithe in ‘Ár dTodhchaí Thuaithe – Beartas Forbartha Tuaithe 2021-2025’. Tá freagracht ar an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta (RFTPG) as an bheart seo, lena bhforbraítear an rannpháirtíocht dhíreach le daoine óga a tosaíodh le linn na forbartha beartais agus a lean ar aghaidh ó seoladh an beartas i Márta 2021.
Tá an Tionól á chomh-óstáil ag an RFTPG agus an Oifig Náisiúnta Rannpháirtíochta de chuid na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige. Is grúpa daoine óga d’aoiseanna idir 12-24 atá i gceist leis an Tionól, a dhéanann plé ar na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann lena bheith ina gcónaí, ag obair agus ag bualadh le daoine eile i gceantair thuaithe na hÉireann.
Is iad cuspóirí an RFPTG leis an imeacht ná:
- leanúint lenár gcomhrá leanúnach le daoine óga
- ardán a thabhairt don óige i gceantair thuaithe na hÉireann chun a dtuairimí a chur in iúl
- plé a reáchtáil ar ábhair thábhachtacha do dhaoine óga
- moltaí a cheapadh mar ábhar machnaimh don Rialtas i gCláir Oibre Ár dTodhchaí Thuaithe amach anseo
Is féidir teacht ar thuilleadh eolais agus físeán ó Thionóil Óige Tuaithe thíos: