Grúpa Oibre Teicniúla faoin bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge
- Foilsithe: 12 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 26 Eanáir 2026
- Bunú agus Feidhmeanna an Ghrúpa Oibre Teicniúil
- Comhaltas an Ghrúpa
- Cáipéisíocht Ghaolmhar
- Naisc Ábhartha Eile
Bunú agus Feidhmeanna an Ghrúpa Oibre Teicniúil
Bunaíodh an Grúpa Oibre Teicniúil (GA/EN) ar an 15 Deireadh Fómhair 2025 faoi Chuspóir 6 de Mhór-Théama Straitéiseach 3: Teicneolaíocht sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge, ina leagtar amach an méid seo a leanas:
6. Go mbunófar grúpa nó grúpaí oibre teicniúil le féachaint go háirithe ar nithe a bhaineann le Pointí 1–5 thuas, mar aon le cur i bhfeidhm Ailt 9A agus 9B.
Seo a leanas Cuspóirí/Pointí 1 -5:
- Go mbeifí réamhghníomhach ó thaobh ghné na Gaeilge a neadú isteach ón tús i bhforbairtí atá agus a bheidh ag teacht chun cinn i spás na teicneolaíochta, go háirithe mar a bhaineann le húsáid na hintleachta saorga i gcomhthéacs soláthar seirbhísí poiblí.
- Go mbreathnófaí ar na suíomhanna gréasáin, na córais nó na seirbhísí idirghníomhacha eile ar cheart a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúla, ag tógáil san áireamh tosaíochtaí ar leith sa ghearrthéarma, meántéarma agus fadtéarma.
- Go scrúdófaí modhanna chun coincheap na tairisceana gníomhaí a neadú i bhforbairtí teicneolaíochta éagsúla a mhéid is féidir.
- Go mbreathnófaí ar na féidearthachtaí a bhaineann le deis a bheith ag saoránach a rogha teanga (Gaeilge agus/nó Béarla) a chlárú in aon áit amháin do sheirbhísí poiblí i gcoiteann agus go bhféadfaí í seo a úsáid ansin ar fud na hearnála poiblí.
- Go mbreathnófaí ar uirlisí tacaíochta teicniúla ar leith a aithint agus a chur ar fáil d’fhostaithe na hearnála poiblí, de réir mar is cuí, a thacóidh leo seirbhísí poiblí trí Ghaeilge ar ardchaighdeán a éascú dóibh.
Baineann ailt 9A agus 9B leis na nithe seo a leanas:
- Alt 9A: ainmneacha, seoltaí agus teidil a thaifeadadh agus a úsáid go cruinn i nGaeilge, lena n-áirítear an síneadh fada a úsáid agus a chinntiú go bhfuil córais TFC cumraithe chun glacadh leis sin;
- Alt 9B: leagan amach foirmeacha oifigiúla dátheangacha nó Gaeilge amháin.
Feidhmeoidh an grúpa thar théarma trí bliana, le hathbhreithnithe bliantúla agus an tsolúbthacht chun dul in oiriúint do riachtanais reachtacha agus riachtanais oibríochtúla atá ag teacht chun cinn.
Is chuig an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge (GA/EN) atá an Grúpa Oibre Teicniúil freagrach.
Comhaltas an Ghrúpa
Is oifigigh theicniúla shinsearacha (comhionann le grád Príomhoifigigh Chúnta nó níos airde agus i réimse a bhaineann le TFC) iad baill an Ghrúpa Oibre Teicniúil, atá ionadaíoch ar na heagraíochtaí seo a leanas:
Cáipéisíocht Ghaolmhar
- Nóta Eolais do na Comhaltaí
- Téarmaí Tagartha
- Cruinnithe an Ghrúpa
Cruinniú 1: Dé Céadaoin, an 15 Deireadh Fómhair 2025