Maoiniú €4 mhilliún in 2025 mar chuid dá chomhpháirtíocht straitéiseach le Coillte
- Foilsithe: 8 Lúnasa 2025
- An t-eolas is déanaí: 8 Lúnasa 2025
Tá comhpháirtíocht straitéiseach i bhfeidhm ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltacht le Coillte. Aontaíonn an chomhpháirtíocht €15 milliún de mhaoiniú a chur ar fáil do Choillte don tréimhse 2022-2026 chun feabhas a chur ar áiseanna áineasa ar thalamh Choillte agus chun tacú le méadú ar thurasóireacht agus ar ghníomhaíocht eacnamaíoch i gceantair thuaithe.
D’fhógair an Roinn sonraí le déanaí faoi mhaoiniú €4 mhilliún in 2025 mar chuid dá comhpháirtíocht straitéiseach le Coillte.
Chomh maith le tacú le forbairt tionscadail bhonneagair nua agus cothabháil conairí atá ann cheana féin ar thalamh Choillte, tá €1.4 milliún breise á chur ar fáil i mbliana i dtreo chostas leanúnach deisiúcháin conairí a ndearna an stoirm damáiste dóibh ní ba luaithe i mbliana.
Beidh oibreacha cothabhála ar siúl ar 169 suíomh in 2025 agus tá 17 áis nua á bhforbairt freisin, lena n-áirítear Béal Leice i gContae Mhaigh Eo agus Coill Chluain Dúin i gContae Chill Chainnigh. Is féidir an liosta iomlán a léamh anseo.