Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Plean Gníomhaíochta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028

Bhí an Plean Gníomhaíochta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028 ceadaithe ag an Rialtas an tseachtain seo.

Is é cuspóir an Phlean Gníomhaíochta normalú na Gaeilge a chumasú mar chuid lárnach den tseirbhís phoiblí agus cumhacht a thabhairt do chainteoirí na teanga í a úsáid agus iad ag déanamh éileamh ar sheirbhísí.

Tá sé mar aidhm ag an bPlean Gníomhaíochta seo cur chuige iomlánaíoch, intomhaiste agus praiticiúil a ghlacadh i leith chur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030, a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2024.

D’ullmhaigh an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge an dá phlean. Bhí ionadaíocht ag raon leathan eagraíochtaí ó trasna na hearnála poiblí ar an gcoiste seo, lena n-áirítear Ranna Rialtais, an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Garda Síochána, agus an soláthraí earcaíochta poistphoiblí.

Cuirtear an-bhéim sa Phlean seo ar bhearta bainteach leis an oll-sprioc earcaíochta a bhaint amach, is é sin go mbeidh 20% d’earcaigh chuig comhlachtaí poiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030.

Is féidir cóip den Phlean Gníomhaíochta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028 a fháil anseo

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat