An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist pholasaí

An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe


Réamhrá

Príomhscéim infheistíochta caipitil é an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe (RRDF) a thacaíonn go díreach le cuspóirí Thodhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann agus an bheartais Lár Bailte ar dTús.

Tacaíonn an RRDF le tionscadail faoinar féidir bailte agus sráidbhailte tuaithe a athbheochan ar aon dul leis an mBeartas Lár Bailte ar dTús trí athghiniúint phleanáilte agus inbhuanaithe a spreagfaidh níos mó gníomhaíocht gheilleagrach agus a mheallfaidh tuilleadh custaiméirí, a rachaidh i ngleic le foirgnimh fholmha agus thréigthe agus a chinnteoidh go mbainfear úsáid arís as foirgnimh oidhreachta agus eile atá ann faoi láthair agus a sholáthróidh na háiseanna agus an bonneagar riachtanach i lonnaíochtaí, a chabhróidh daoine a mhealladh chun bheith ag cónaí, ag obair agus ag infheistiú i gceantair thuaithe.

Lorgaítear iarratais ar an gCiste faoi dhá chatagóir – Catagóir 1 agus Catagóir 2. Baineann Catagóir 1 le tionscadail chaipitil uaillmhianacha ar mhórscála a bhfuil an phleanáil agus an toiliú riachtanach go léir i bhfeidhm ina leith agus a bhfuiltear réidh bogadh chun cinn leo. Cuirtear maoiniú deontais níos lú ar fáil i gCatagóir 2 chun gur féidir tograí tionscadail a fhorbairt atá oiriúnach do ghlaonna amach anseo d’iarratais faoi Chatagóir 1.

Tá an CAFT dírithe ar lonnaíochtaí agus ceantair thuaithe ina bhfuil cónaí ar níos lú ná 10,000 duine agus atá suite lasmuigh de chríocha cathrach agus achar cathrach Bhaile Átha Cliath (de réir dhaonáireamh 2022).

Bronntar an maoiniú trí phróiseas tairisceana Tá maoiniú €614 milliún leithdháilte ar 273 tionscadal ó seoladh an RRDF. Is féidir liosta de na tionscadail rathúla faoi gach glao go dtí seo a fháil anseo.

Cuspóir an chiste

Tacaítear faoin gciste le tionscadail chomhordaithe agus chomhtháite idir ranna rialtais, gníomhaireachtaí Stáit, údaráis áitiúla, comhlachtaí poiblí eile, pobail agus, sa chás gur cuí, maoinitheoirí daonchairdiúla agus/nó an earnáil phríobháideach, a imreoidh tionchar ar fhorbairt gheilleagrach agus shóisialta inbhuanaithe i gceantair thuaithe.

Leis an gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe, is féidir maoiniú a thabhairt do thionscadail lena n-áirítear (ach gan a bheith teoranta do) na cinn seo a leanas:

  • Tionscadail a dhéanfaidh soláthar do níos mó gníomhaíocht gheilleagrach, deiseanna fostaíochta inbhuanaithe fadtéarmaí agus ar soiléir go gcuireann siad le forbairt gheilleagrach ceantair tuaithe, baile nó sráidbhaile.
  • Bearta le dul i ngleic le foirgnimh fholmha agus thréigthe chun athghiniúint lár bailte a spreagadh, athchóiriú, athfhorbairt agus/nó scartáil foirgnimh ina measc;
  • Tionscadail ina spreagtar áiseanna a chomhlonnú chun pointe fócais gníomhaíochta a spreagadh i lár baile nó sráidbhaile, e.g. seirbhísí leabharlainne, seirbhísí pobail, gníomhaíochtaí cultúir, áiseanna spóirt agus caithimh aimsire, oiliúint agus forbairt, áiseanna cathartha etc. a chruinniú le chéile in áit shuntasach nó fheiceálach, rud a d’fhéadfadh cabhrú le líon níos mó daoine mhealladh agus tacú le gnó.
  • Tionscadail bhonneagair agus ríochta poiblí ar mhórscála inár mbailte agus sráidbhailte a bhfuil sé mar aidhm acu cur go bunúsach le forbairt straitéiseach an bhaile nó an tsráidbhaile.
  • Tionscadail a chabhraíonn le forbairt gheilleagrach pobail oileáin, go háirithe i dtaobh barr feabhais a chur ar bheocht gheilleagrach lonnaíochtaí nó barr feabhais a chur ar naisc leis an mórthír.
  • Cuirtear fáilte go háirithe roimh thionscadail a chuireann ilchuspóirí i gcrích agus a léiríonn comhlántacht/breisíocht, mar shampla, tionscadal athnuachana do lár an bhaile a sheachadadh a chuireann le forbairt gheilleagrach, turasóireachta, pobail nó cultúir freisin.

Bronntar maoiniú trí phróiseas tairisceana iomaíche.

Incháilitheacht

Cuirtear fáilte roimh thograí ó Údaráis Áitiúla, agus ó eagraíochtaí áitiúla/réigiúnacha eile, ar nós Cuideachtaí Forbartha Áitiúla, chomh maith le ranna rialtais agus gníomhaireachtaí Stáit. Ar mhaithe le cuntasacht agus le maoirseacht, ní mór do phríomhpháirtí gach tionscadail a bheith ina chomhlacht Státchistithe, ach spreagtar comhoibriú leis an earnáil phríobháideach.

Is féidir tograí a dhéanamh maidir le bailte ar lú a ndaonraí ná 10,000, agus na ceantair máguaird. Beidh ár gceantair chathrach agus bailte tuaithe ar mó a ndaonraí ná 10,000, beidh siad incháilithe le cur isteach ar mhaoiniú faoi ghairmeacha ar an Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach (CAFU), atá á riar ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Faoi réir forálacha Gairmeacha a dhéanfar amach anseo faoin CAFU, tá súil go mbeidh líon bailte sonraithe ar lú a ndaonraí ná 10,000 duine, atá mar ionaid shuntasacha fostaithe, go mbeidh siad incháilithe i gcomhair tacaíochta faoin Chiste sin. Mar sin féin, ní bheidh aon tionscadal amháin ar bith in ann leas a bhaint as an Chiste Uirbeach agus an Ciste Tuaithe araon. Tá súil go bhfaighfear deimhniú faoi shonraí an CAFU ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta sna seachtainí amach romhainn.

Is féidir leat teacht ar liosta de na tionscadail a maoiníodh go dtí seo anseo.

Déan Iarratas

Tá an Séú Gairm ar iarratais Chatagóir 1 ar oscailt anois.

Ar an 27ú Feabhra 2026, d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, go n-osclófar Séú Gairm ar Thograí i gcomhair thionscadail Chatagóir 1 faoin Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe (CAFT).

Faoin Ghairm Chatagóir 1 seo, cuirfear maoiniú ar fáil do mhórthionscadail straitéiseacha atá réidh le tosú. Ceapfar go mbeidh tionscadail Chatagóir 1 réidh le tosú má tá na ceadanna riachtanacha faoi réir acu (m.sh. úinéireacht talún, pleanáil/Cuid 8, cúrsaí comhshaoil, fiadhúlra, seandálaíochta, mara srl.), má tá an-dul chun cinn déanta acu ag céim an deartha, agus má tá siad in ann riachtanais an Chóid Caiteachais Phoiblí a chomhlíonadh.

Is é an spriocdháta i gcomhair iarratais a chur isteach ná 12in ar Dé Máirt, 28ú Iúil 2026.

Naisc chuig na doiciméid

Léargas na Scéime maidir leis an Séú Gairm ar Chatagóir 1

Foirm Iarratais

Athbhreithniú ar Stádas an Tionscadail Fhaofa

Plean Luachála agus Monatóireachta

Eolas Breise ar Thionscadail Moil

Teagmháil a Dhéanamh Linn

Chun bheith cothrom le dáta le haon nuacht faoin RRDF, lena n-áirítear glaonna ar iarratais amach anseo a fhógraítear, cláraigh lenár liosta seoltaí anseo: rrdf@drcdg.gov.ie

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat