An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
- Foilsithe: 29 Meán Fómhair 2020
 - An t-eolas is déanaí: 16 Meitheamh 2025
 
Cúlra
Foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ar an 21 Nollaig 2010, tar éis don Straitéis tacaíocht traspháirtí a fháil i dTithe an Oireachtais.
Cuireann an Straitéis cur chuige iomlánaíoch, comhtháite i ndáil leis an nGaeilge chun cinn - cur chuige a luíonn le dea-chleachtas idirnáisiúnta. Eascraíonn an Straitéis as próiseas comhairliúcháin agus taighde, lena n-áirítear tuarascáil a rinneadh don Roinn (Ollscoil Chathair BÁC, 2009), an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (OÉ Gaillimh & OÉ Má Nuad, 2007) agus tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta (2002).
Réimsí Gníomhaíochta
Leagtar 9 réimse gnímh amach sa Straitéis, eadhon:
- Oideachas
 - An Ghaeltacht
 - An Teaghlach ag Cur na Teanga ar Aghaidh – Idirghabháil go Luath
 - Riarachán, Seirbhísí agus Pobal
 - Na Meáin agus an Teicneolaíocht
 - Foclóirí
 - Reachtaíocht agus Stádas
 - Saol Eacnamaíochta
 - Tionscnaimh Leathana
 
De thoradh próisis comhairliúcháin poiblí a d'eagraigh an Roinn ar an áthar, aithníodh an gá le plean Gníomhaíochta 5 bliana a chur ar fáil.
Sonraí teagmhála
Máire Uí Churraoin, Language Planning:
email: unag@tcagsm.gov.ie
Uimhir theileafóin: 091 503700