Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist pholasaí

An Clár Feabhsaithe Áitiúil

Cuireann an Clár Feabhsaithe Áitiúil tacaíochtaí caipitil ar fáil atá riachtanach do go leor grúpaí agus eagraíochtaí beaga pobail, go háirithe iad siúd a fhreastalaíonn ar cheantair faoi mhíbhuntáiste.

Seoladh an Clár den chéad uair in 2018 mar an Clár Feabhsaithe Pobail agus cuireadh maoiniú ar leataobh do Sheideanna na bhFear in 2018, agus do Sheideanna na bhFear agus do Sheideanna na mBan araon in 2019.

In 2020, chuir an clár maoiniú ar fáil faoi Chiste Éigeandála COVID-19 chun tacú le grúpaí pobail a gcuid seirbhísí agus oibríochtaí a oiriúnú agus chun páirt níos mó a ghlacadh i bhfeachtas ‘Coinnigh Folláin’ an Rialtais. Chuir sé maoiniú caipitil ar fáil freisin chun tacú le cothabháil agus feabhsú ionaid phobail agus foirgnimh phobail.

In 2021, chuir an Clár Feabhsaithe Pobail maoiniú ar fáil faoin gCiste Gníomhaíochtaí Pobail chun tacú le grúpaí pobail a raibh tionchar ag COVID-19 orthu.

D’athraigh an clár a ainm go dtí an Ciste Tacaíochta Pobail in 2022 agus tá sé ainmnithe mar an Clár Feabhsaithe Áitiúil ó 2024 i leith.

Spreagtar grúpaí pobail chun dul i mbun oibre lena gCoistí Forbartha Pobail Áitiúla, Cuideachtaí Forbartha Áitiúla agus Líonraí Rannpháirtíochta Poiblí, chun a chinntiú go bhfuil siad ar an eolas faoi na deiseanna maoinithe go léir atá ann cheana féin.

Leithdháiltí Maoinithe 2018-2026

Tá miondealú iomlán sa cháipéis seo ar mhaoiniú an Chláir Feabhsaithe Áitiúil a leithdháileadh ar gach Údarás Áitiúil i ngach bliain ó 2018 i leith.

Leithdháiltí Maoinithe Cláir

Is féidir liosta iomlán de na tionscadail a maoiníodh i ngach bliain den Chlár Feabhsúcháin Áitiúil a fheiceáil thíos.

2025

An Clár Feabhsaithe Áitiúil

2024

An Clár Feabhsaithe Áitiúil

2022

An Ciste Tacaíochta Pobail

2021

An Clár Feabhsaithe Áitiúil

Ciste na nGíomhaíochtaí Pobail

2020

An Clár Feabhsaithe Áitiúil

Ionaid agus Áiseanna Pobail

Ciste Éigeandála COVID-19 (Babhta 1)

Ciste Éigeandála COVID-19 (Babhta 2)

2019

An Clár Feabhsaithe Áitiúil

Maoiniú Sheideanna na bhFear agus na mBan

2018

An Clár Feabhsaithe Áitiúil

Maoiniú Sheideanna na bhFear

Déan Teagmháil linn

Is féidir aon cheist faoin gCiste Feabhsaithe Áitiúil a sheoladh i ríomhphost chuig LEP@drcdg.gov.ie

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat