Maoiniú CLÁR do Thionscadail Mhionscála Thuaithe
- Foilsithe: 19 Samhain 2018
- An t-eolas is déanaí: 10 Márta 2026
Réamhrá
Is clár infheistíochta é CLÁR (Ceantair Laga Árd-Riachtanais) atá dírithe ar cheantair thuaithe agus a bhfuil sé mar aidhm aige maoiniú a sholáthar do thionscadail bheaga bonneagair i gceantair thuaithe ina bhfuil leibhéil shuntasacha dídhaonra. Cuidíonn an maoiniú seo le hathléimneacht na bpobal tuaithe seo a thógáil.
Tá gealltanas i gClár Rialtais 2025 go reáchtálfar athbhreithniú cuimsitheach ar na ceantair atá incháilithe i gcomhair CLÁR. Tá an anailís ar an athbhreithniú seo críochnaithe anois agus is féidir an tuarascáil ina léirítear na ceantair nua atá le cur le CLÁR a fheiceáil anseo.
Tugadh aitheantas do 110 Toghroinn Ceantair (TRCanna) breise mar cheantair aitheanta CLÁR agus is féidir iad a fheiceáil anseo.
Is féidir an léarscáil náisiúnta nua de cheantair CLÁR agus na léarscáileanna contae CLÁR ina léirítear na ceantair nua seo a fheiceáil anseo.
CLÁR do 2026
Tabharfar clár 2026 i gcrích trí thrí bheart ar leith, mar a leanas:
Beart 1: Áiseanna & Saoráidí Pobail a Fhorbairt
Beart 2: Iompar i gcomhair Soghluaisteachta, Cúram Ailse, Freagróirí Garchabhrach Pobail agus Béilí ar Rothaí
Beart 3: ‘Ár nOileáin Bheo’
Beart 1: Áiseanna & Saoráidí Pobail a Fhorbairt
Léigh go cúramach an léargas ar an scéim thíos i gcomhair sonraí faoin bheart seo.
Tá Beart 1 á riar ag na hÚdaráis Áitiúla, mar sin beidh foirmeacha iarratais agus léirithe spéise ar fáil go díreach ó na hÚdaráis Áitiúla.
Ní mór duit teagmháil a dhéanamh le d’Údarás Áitiúil nó Comhairle Contae ina leith seo.
Déanfaidh an tÚdarás Áitiúil nó Comhairle Contae, dá réir sin, na hiarratais a roghnaíodh a chur faoi bhráid na Roinne (suas leis an uasmhéid iarratas atá ceadaithe) i gcomhair plé agus measúnaithe.
Socróidh na hÚdaráis Áitiúla a spriocdháta féin maidir le hiarratais a fháil ó iarrthóirí ionchasacha. Déan teagmháil le d’Údarás Áitiúil chun eolas a fháil faoina spriocdháta.
Beart 2: Iompar i gcomhair Soghluaisteachta, Cúram Ailse, Freagróirí Garchabhrach Pobail agus Béilí ar Rothaí.
Léigh go cúramach an léargas ar an scéim thíos i gcomhair sonraí faoin bheart seo.
Tá Beart 2 á riar go díreach ag an Roinn.
Tá an fhoirm iarratais thíos in éineacht le doiciméad ar a sonraítear na doiciméid tacaíochta atá de dhíth.
Comhlíon an fhoirm ina hiomlán agus cuir isteach í leis na doiciméid tacaíochta riachtanacha go CLAR@drcdg.gov.ie faoin 22ú Bealtaine 2026.
Beart 3: Ár nOileáin Bheo
Léigh go cúramach an léargas ar an scéim thíos i gcomhair sonraí faoin bheart seo.
Tá Beart 3 á riar go díreach ag an Roinn.
Tá an fhoirm iarratais thíos in éineacht le doiciméad ar a sonraítear na doiciméid tacaíochta atá de dhíth.
Comhlíon an fhoirm ina hiomlán agus cuir isteach í leis na doiciméid tacaíochta riachtanacha go CLAR@drcdg.gov.ie faoin 3ú Iúil 2026.
Ceaduithe Maoinithe CLÁR
Chun an maoiniú go léir atá ceadaithe ag CLÁR go dtí seo a fháil, tabhair cuairt ar an leathanach gréasáin seo: Ceaduithe Maoinithe CLÁR
Is féidir léarscáileanna maoinithe náisiúnta agus contae a fháil anseo: Léarscáileanna Limistéar Maoinithe CLÁR
Déan teagmháil linn
Má tá ceisteanna ar bith faoin Scéim CLÁR déan teagmháil le: CLAR@drcdg.gov.ie