Coistí Forbartha Pobail Áitiúla (CFPÁnna)
- Foilsithe: 28 Samhain 2018
- An t-eolas is déanaí: 1 Bealtaine 2026
- Réamhrá
- Cuspóir na CFPÁnna
- Cén fáth ar bunaíodh CFPÁnna
- Pleananna Áitiúla Eacnamaíocha agus Pobail (PÁEPanna)
- Athbhreithniú ar na Coistí Forbartha Pobail Áitiúla (CFPÁnna)
- Imeacht Líonraithe Bliantúil CFPÁ
- Maoiniú d’Acmhainn Bhreise Foirne (ABF)
- Leithdháiltí maoinithe
- Déan teagmháil linn
Réamhrá
Is grúpaí iad Coistí Forbartha Pobail Áitiúla (CFPÁnna) atá bunaithe i ngach ceantar údaráis áitiúil.
Is iad seo a leanas a bhíonn mar bhaill de CFPÁnna:
- baill an údaráis áitiúil
- baill foirne an údaráis áitiúil
- daoine ó fhorais phoiblí a chuireann maoiniú ar fáil don cheantar
- daoine ó pháirtithe leasmhara an phobail áitiúil
- daoine ón phobal áitiúil
- daoine ó ghrúpaí forbartha áitiúla a fhaigheann maoiniú nó tacaíocht phoiblí
Baineann CFPÁnna úsáid as an taithí agus an saineolas atá ag daoine agus eagraíochtaí poiblí nó príobháideacha i ngach ceantar údaráis áitiúil.
Cuspóir na CFPÁnna
Tá na CFPÁnna freagrach as:
- comhordú, pleanáil agus maoirseacht ar mhaoiniú forbartha pobail agus áitiúil
- cur chuige níos comhtháite a thabhairt isteach i leith cláir agus idirghabhálacha forbartha áitiúil agus pobail a reáchtáil
- cur chuige comhtháite a leanúint i leith seirbhís phobail atá bunaithe thar soláthróirí agus struchtúir sheachadta
- díospóireacht fhiúntach saoránach agus phobail a chur chun cinn i bpleanáil agus i meastóireacht cláir forbartha
- tabhairt faoi riarachán cláir forbartha pobail agus áitiúla agus struchtúir seachadta atá níos éifeachtaí ó thaobh costais
- acmhainní a mheaitseáil le tosaíochtaí
- luach ar airgead a chinntiú ó thaobh bainistíochta agus cláir a sheachadadh
- díriú ar fhoghlaim agus ar aiseolas, agus ar fheabhas a chur ar naisc idir seachadadh seirbhíse agus forbairt beartais
- deiseanna a thapú ó thaobh maoiniú breise don cheantar, cibé Státchiste, AE, príobháideach nó foinsí eile
Aimsigh do Choiste Forbartha Pobail Áitiúil (CFPÁ)
Cén fáth ar bunaíodh CFPÁnna
Foilsíodh Tús Áite do na Daoine - Clár Gníomhaíochta um Rialtas Áitiúil Éifeachtach i mí Dheireadh Fómhair 2012. Bhí moladh ann i leith CFPÁnna a thabhairt isteach i ngach ceantar údaráis áitiúil chun feabhas a chur ar fhorbairt pobail agus ról níos lárnaí a thabhairt do rialtas áitiúil i bhforbairt áitiúil agus pobail.
Pleananna Áitiúla Eacnamaíocha agus Pobail (PÁEPanna)
Is ionann Plean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail (PÁEP) agus creat reachtúil sé bliana arna dhearadh ag údaráis áitiúla i gcomhar le geallsealbhóirí agus coistí éagsúla, in éineacht le comhairliúchán poiblí chun tacú le forbairt eacnamaíoch agus pobail laistigh dá gcathair nó contae ar leith.
Bíonn na pleananna seo ina dtreoir chun ceantair áitiúla a fhorbairt, le cinntiú go bhfuil siad rathúil, inbhuanaithe agus ionchuimsitheach trí bhéim a chur ar fhorás gnó agus dea-bhail phobail araon.
Tá sé mar phríomhaidhm ag na CFPÁnna na gnéithe pobail de na Pleananna Áitiúla Eacnamaíocha agus Pobail 6 bliana (PÁEPanna) a ullmhú, agus cuirtear iad seo leis na gnéithe forbartha eacnamaíche áitiúla arna n-ullmhú ag Coiste um Beartas Straitéiseach Forbartha Eacnamaíche san údarás áitiúil. Is é cuspóir an phlean ná forbairt áitiúil agus pobail gach ceantair údaráis áitiúil a chur chun cinn. Déantar é seo trí chur chuige comhordaithe i leith pleanála agus seachadadh seirbhísí.
Ba cheart go mbeadh an PÁEP mar an phríomhchóras ar an leibhéal áitiúil chun gníomhartha ábhartha, a thagann ó straitéisí agus beartais náisiúnta agus réigiúnacha a bhfuil sainchúram áitiúil acu, a thabhairt chun tosaigh.
Tá an plean dírithe ar bhearta lena ndéanfar an méid seo:
- feabhas a chur ar chaighdeán maireachtála agus dea-bhail pobal, lena n-áirítear bearta a théann i ngleic le bochtaineacht, míbhuntáiste agus ionchuimsiú sóisialta
- tacú le hoiliúint, uasoiliúint agus cruthú post
- soláthar infreastruchtúir agus áiseanna pobail a éascú
- tacú le cumas pobal áitiúil chun feabhas a chur ar a gcaighdeán maireachtála
- réitigh inbhuanaithe a fhorbairt lena mbaintear an úsáid is fearr as sócmhainní, láidreachtaí agus deiseanna áitiúla atá ann cheana
- tacú le fiontraíocht shóisialta, caipiteal sóisialta, obair dheonach agus saoránacht ghníomhach, agus
- rannpháirtíocht an phobail i bhforbairt beartais agus próisis chinnteoireachta, mar a bhaineann siad le pleanáil, forbairt agus seachadadh seirbhísí, a chur chun cinn
Is féidir PÁEPanna foilsithe a fheiceáil ar shuíomh gréasáin an Údaráis Áitiúil ábhartha. Is féidir na Treoirlínte um Pleananna Áitiúla Eacnamaíocha agus Pobail a fheiceáil freisin.
Treoirlínte um PÁEPanna
D’eisigh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, i gcomhar leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, na Treoirlínte um PÁEPanna in 2021.
Tugtar tús áite sna treoirlínte seo don phleanáil chomhoibríoch fhianaise-bhunaithe, nach mór di a bheith ag teacht le Straitéisí Réigiúnacha Spásúla agus Eacnamaíocha (SRSEnna) agus a bhfuil cur chuige dhá-chuid de dhíth ina leith: creat straitéise ard-leibhéil agus pleananna cur chun feidhme dhá-bhliana.
Tá na léirithe agus taifeadadh den imeacht ar fáil thíos.
Seimineár Gréasáin um Thacaíocht PÁEP 1 - ‘Tús’
Rinne ár Roinn, i gcomhair leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an chéad Seimineár Gréasáin um Thacaíocht PÁEP, ‘Tús’, a reáchtáil ar an 24ú Márta. Ba é seo an chéad imeacht de cheathair imeacht PÁEP a beartaíodh. Rinneadh léirithe faoi na Chéad Chéimeanna ba Thábhachtaí agus Tacair Sonraí atá ar Fáil, agus breathnaíodh ar eispéireas CFPÁ amháin agus iad ag athbhreithniú pleananna reatha agus ag bunú Grúpa Stiúrtha Comhairleach.
Tá na léirithe agus taifeadadh den imeacht ar fáil thíos. Tá léiriú breise faoi ‘Úsáid a bhaint as Sonraí Socheacnamaíocha’ curtha ar fáil againn, a bhféadfadh go mbeidh sé úsáideach agat freisin.
Seimineár Gréasáin um Thacaíocht PÁEP 2 - ‘Oiliúint Eacnamaíoch PÁEP’
Reáchtáladh an dara Sheimineár Gréasáin um Thacaíocht PÁEP, ‘Oiliúint Eacnamaíoch PÁEP’, ar an 27ú Aibreán. Rinne an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, i gcomhar leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, an t-imeacht seo a óstáil chun tacú le cuid Eacnamaíoch na PÁEPanna nua a dhréachtú. Ar na cainteoirí a bhí ag an imeacht, bhí ionadaithe ó Líonra na nOifigí Fiontraíochta Áitiúla (OFÁnna), ó Chomhthionól Réigiúnach an Deiscirt, Comhairle Contae Chill Dara agus ranna rialtais éagsúla.
Tá taifeadadh den imeacht agus na sleamhnáin ó na léirithe ar fáil thíos.
Seimineár Gréasáin um Thacaíocht PÁEP 3 - ‘An Aeráid agus an Comhshaol’
Reáchtáladh an tríú Seimineár Gréasáin um Thacaíocht PÁEP, ‘An Aeráid agus an Comhshaol’, ar an 25ú Bealtaine. Rinne an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, i gcomhar leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an t-imeacht seo a óstáil chun tacú le dréachtú na PÁEPanna nua, le béim ar conas Gníomhartha Aeráide a thabhairt isteach iontu.
Ar na cainteoirí a bhí ag an imeacht, bhí ionadaithe ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú Aeráide, agus Comhairle Contae Chill Dara.
Tá taifeadadh den imeacht agus na sleamhnáin ó na léirithe ar fáil thíos.
Seimineár Gréasáin um Thacaíocht PÁEP - ‘Pobal/Sóisialta agus Cultúrtha’
Reáchtáladh an ceathrú Seimineár Gréasáin um Thacaíocht PÁEP, agus ceann deireanach, dar teideal ‘Pobal/Sóisialta & Cultúrtha’ ar an 22ú Meitheamh, inar cuireadh béim ar Phobal/Sochaí, le Sláinte agus Dea-Bhail san áireamh. D’óstáil an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail an t-imeacht seo i gcomhar leis an Roinn Sláinte, Healthy Cities & Communities Cork City, Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, agus National Age Friendly Ireland chun tacú le dréachtú na PÁEPanna nua.
Tá taifeadadh den imeacht agus na sleamhnáin ó na léirithe ar fáil thíos.
Seimineár Gréasáin um Thacaíocht PÁEP 5
Athbhreithniú ar na Coistí Forbartha Pobail Áitiúla (CFPÁnna)
Thug an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail faoi athbhreithniú cuimsitheach ar na Coistí Forbartha Pobail Áitiúla in 2019. Ba í aidhm an athbhreithnithe ná cur le forbairt leanúnach na CFPÁnna agus eolas a chur ar fáil ina leith. Tá moltaí an athbhreithnithe á gcur i bhfeidhm faoi láthair.
Imeacht Líonraithe Bliantúil CFPÁ
D’óstáil an Roinn an ceathrú comhdháil bhliantúil Líonraithe CFPÁ Dé Céadaoin, 15ú Deireadh Fómhair san Óstán Landmark, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma.
Imeacht rathúil eolasach a bhí ann, le huasdátuithe gnó ar ard-leibhéal ó;
- An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta
- An Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, agus
- Stiúrthóir na hOifige Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail
- Na Comhairleoirí, Match Marketing, faoin Fheachtas Feasachta Áitiúil agus Náisiúnta maidir le ról agus feidhmeanna na CFPÁnna
Rinneadh cur i láthair freisin faoi cheann de na Scéimeanna Píolótacha maidir le Pleananna Gníomhaíochta um Bochtaineacht Leanaí i gCeantair Áitiúla, in éineacht le mír faoin athbhreithniú ar na Pleananna Cur Chun Feidhme 2-bliana de chuid na PÁEPanna, ina raibh cainteoir ón Ionad Breathnaithe um Thaighde Uile-Éireann, Ollscoil Mhá Nuad.
D’óstáil an Roinn an tríú himeacht líonraithe náisiúnta bliantúil do CFPÁnna i mí Dheireadh Fómhair 2024.
Is é cuspóir an imeachta bhliantúil ná tacú le baill CFPÁnna, líonrú a spreagadh agus dea-chleachtais a chruthú ó thaobh oibríochta agus tionscadail.
Is féidir breathnú ar an chlár oibre agus ar na léirithe ón imeacht thíos.
Maoiniú d’Acmhainn Bhreise Foirne (ABF)
Tá maoiniú ABF á chur ar fáil do na húdaráis áitiúla ar bhonn bliantúil ó 2017 i leith, chun tacú leis an fheidhm phobail, lena n-áirítear tacaíocht riaracháin do na Coistí Forbartha Pobail Áitiúla (CFPÁnna). Tá breis is 60 post foirne á maoiniú leis an ABF faoi láthair, a raibh ciste iomlán de €2.905 milliún aige in 2024.
Cuireadh tús le hathbhreithniú cuimsitheach ar mhaoiniú ABF i bhfómhair na bliana 2022 agus tháinig deireadh leis ag tús 2024.
Bhí an t-athbhreithniú ABF é féin ar cheann de na moltaí san Athbhreithniú CFPÁ a foilsíodh in 2019. Aimsíodh le linn an athbhreithnithe go raibh borradh ag teacht faoin líon feidhmeanna a bhí á ndéanamh ag CFPÁnna, agus go bhfuil dóthain fianaise ann gur cheart leanúint leis an mhaoiniú d’údaráis áitiúla i bhfoirm éigin, ach moladh gur cheart an múnla leithdháilte a leasú. Agus an múnla nua á dhearadh, díríodh ar an uasmhéid solúbthachta a thabhairt d’údaráis áitiúla agus an t-ualach riaracháin agus tuairiscithe a choinneáil ar íosleibhéal réasúnta ag an am chéanna.
Fuarthas maoiniú breise do vóta an bheartais pobail (a bhfuil maoiniú ABF mar chuid de) i gcomhair 2024 agus bhí sé seo le feiceáil sna leithdháiltí. D’fhógair an tAire O’Brien an méadú maoinithe seo de bheagnach €1m d’údaráis áitiúla chun tacú lena bhfeidhmeanna pobail ar an 2ú Bealtaine 2024.
Is féidir teacht ar shonraí faoi Mhaoiniú ABF ó 2020 i leith anseo.
Leithdháiltí maoinithe
Is féidir teacht ar eolas faoin mhaoiniú a leithdháileadh ar Choistí Forbartha Pobail Áitiúla anseo: Coistí Forbartha Pobail Áitiúla (CFPÁnna)
Déan teagmháil linn
Má tá ceisteanna agat faoi Choistí Forbartha Pobail Áitiúla (CFPÁnna) déan teagmháil le LCDCsupport@drcdg.gov.ie