Ár dTodhchaí Tuaithe: Fógraíonn an tAire Humphreys go mbeadh maoiniú breise de €164,295 le haghaidh oibreacha caipitil ar na hOileáin

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ár dTodhchaí Tuaithe: Fógraíonn an tAire Humphreys go mbeadh maoiniú breise de €164,295 le haghaidh oibreacha caipitil ar na hOileáin

  • Tá infheistíocht bhreise ceadaithe do Chorcaigh, Gaillimh, Maigh Eo, agus Dún na nGall
  • Feabhsófar bóithre ar oileáin,
  • Oibreacha deisiúcháin ag piaraí agus ar héileapad oileanda

D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail inniú (Aoine12 Lúnasa) go mbeadh €164,295 de mhaoiniú breise ar fáil chun tacú le reimse oibreacha caipitil ar ár oileáin amach ón gcósta.

Ceadaíodh an maoiniú do Chomhairlí Contae Chorcaí, na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus Dhún na nGall mar a leanas:

Comhairle Contae Chorcaí €32,400
Comhairle Contae na Gaillimhe €14,895
Comhairle Contae Mhaigh Eo €36,000
Comhairle Contae Dhún na nGall €81,000
Iomlán: €164,295

Tionscadail ar a bhfuil maoiniú ceadaithe faoin fhógraíocht seo áirítear:

  • Athchóiriú dromchlá ar bhóthar atá riachtanach don nascacht aitiúl.
  • Oibreacha deisiúcháin ag piaraí ar oileáin éagsúla agus don héileapad ar Thóraigh.

Áirítear na hoileáin seo a leanas a bhainfidh leas as an maoiniú seo : Inis Mór, Inis Oírr agus Inis Meáin (na hOileáin Árainn), i gContae na Gaillimhe; An tOileán Mór i gContae Chorcaí; Inis na Coilleadh i gContae Mhaigh Eo agus Toraigh and Oileán Uaigh I Dhun na nGall.

Bíonn na hoibreacha seo déanta ar bhonn comhaoinithe leis na Comhairlí Contae atá thuasluaite.

Ag fógairt ceadú an mhaoinithe seo inniu, dúirt An tAire Humphreys:

“I mbeartas forbartha tuaithe an Rialtais, Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann, tugtar gealltanas infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar ríthábhachtach ar fud na hÉireann, oileáin amach ó chósta na tíre san áireamh.

“Dá bhrí sin, tá ríméad orm maoiniú €1.1m a fhógairt inniu do thionscadail bheaga chaipitiúla ar oileáin amach ó chósta Chorcaí, na Gaillimhe, Mhaigh Eo, agus Dhún na nGall.

“Mar gheall ar an maoiniú, cuirfear ar chumas na nÚdarás Áitiúil ábhartha tabhairt faoi oibreacha feabhsúcháin ar na hoileáin. Bainfidh pobail na háite, mar aon leis na daoine a thugann cuairt ar na láithreacha áille sin, tairbhe mhór as na feabhsúcháin seo.

“Tá áthas orm go raibh an deis agam cuairt a dhéanamh ar an Oileán Mór, Inis Oírr agus Inis Meáin le déanaí agus táim ag tnúth le cuairteanna a dhéanamh ar níos mó dár n-oileáin i rith na míonna seo amach romhainn. “Is cuid lárnach d’oidhreacht an Stáit iad na hoileáin amach ón gcósta agus tá flúirse de thraidisiún cultúir le fáil iontu.

“Tá an maoiniú seo anuas ar an maoiniú de €1.1m a d’fhógair mé i mí Bealtaine agus a léiríonn sa bhreis ar thiomantas an Rialtais chun tacú le pobail na oileán."

Tá liosta iomlán de na tionscadail maoinithe anseo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat